I.R. Uimh. 347/2018 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 4), 2018.
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 14ú lá de Meán Fómhair, 2018 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo. | ||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus an tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 2017 ( I.R. Uimh. 641 de 2017 ), déanaimse, Joe McHugh, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas: | ||
1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 4) 2018 a ghairm den Ordú seo. | ||
2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) . | ||
SCEIDEAL | ||
Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta: Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, Co. na Gaillimhe agus Co. Mhaigh Eo | ||
(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Conga, An Chorr, An Fhairche, An Ros, An Uillinn, Abhainn Bhrain, Baile an Chalaidh agus An Cheapaigh Dhuibh. | ||
(2) An chuid sin de limistéar toghroinne Bhinn an Choire i gContae na Gaillimhe arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Bearna na nEang, Barr na nÓrán, Doire Fhada Thiar, Doire na bhFlann, Imleach Dhá Rú, Fionasclainn, Gleann Eidhneach, Gleann Chóchan, Leitir Seithe, Leitrí agus Log an Tairbh. | ||
(3) An chuid sin de limistéar toghroinne Leitir Breacáin i gContae na Gaillimhe arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Bun an Mheascáin, Cartrún an Phóna, Na Cnocáin Bhána, An Doirín, Na Grigíneacha, Na Lí, Muintir Eoghain Láir, Muintir Eoghain Thiar agus Muintir Eoghain Thoir. | ||
(4) An chuid sin de limistéar toghroinne Bhaile Óbha i gContae na Gaillimhe arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Doire Easa, Gort Bhun an Chuilinn, An Seanbhaile Ard, An Seanghort agus An Tamhnaigh. | ||
(5) An chuid sin de limistéar toghroinne Phartraí i gContae Mhaigh Eo arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: An tSraith. | ||
(6) An chuid sin de limistéar toghroinne Thamhnaigh na Graí i gContae Mhaigh Eo arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Coimín Dhoire an Daimh Dheirg, Doire an Daimh Dheirg agus Doirín na Scuaibe. | ||
| ||
Arna thabhairt faoi mo láimh, | ||
4 Meán Fómhair 2018. | ||
JOE McHUGH, | ||
Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. |