I.R. Uimh. 258/2018 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 2), 2018.


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 20 Iúil 2018 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus an tOrdú um Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2017 ( I.R. Uimh. 641 de 2017 ), déanaimse, Joe McHugh, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 2), 2018 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá gach ceann de na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta chun críocha alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012).

AN SCEIDEAL

Ciarraí Theas, Co. Chiarraí

(1) Na toghranna ceantair seo a leanas: Baile an Sceilg, Doire Ianna, Toghroinn Fhíonáin agus Máistir Gaoithe.

(2) An chuid sin de thoghroinn cheantair an Bhaile Bhric atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Na Cáintíní, Gort na Meacanaí, Na Grága, Inse Fhearann na gCléireach, Íochtar Cua, An Seanchnoc, Na Tuairíní agus Tuairín Uí Dhuinnín.

(3) An chuid sin de thoghroinn cheantair na mBeathacha i gcontae Chiarraí atá comhdhéanta den bhaile fearainn seo a leanas: Oileán Buí

(4) An chuid sin de thoghroinn cheantair Chathair Dónall i gcontae Chiarraí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Com na hEorna Thiar, Com na hEorna Thoir, An Gleann Beag, Gort na Cille agus An Ráth.

(5) An chuid sin de thoghroinn cheantair Cheannúch i gcontae Chiarraí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Bun an Doirín, Caol an Phréacháin Thiar, Caol an Phréacháin Thoir, Ceannúigh, Cill Mhic Iarainn Thiar, Cill Mhic Iarainn Thoir, Cois Chomarach, Com Dhá Stua, Drom Oireach, An Fhaill Dronnach, An Inse Bhuí agus Málainn.

(6) An chuid sin de thoghroinn cheantair Dhoire Fhíonáin i gcontae Chiarraí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile Fhinn, Cathair na Gaoithe, Com an tSleabhcáin, Doire Fhíonáin Beag, Doire Fhíonáin Mór, An Fearann Iarthach, An Lóthar, An Rinn Iarthach, An Rinnín agus Teamhair.

(7) An chuid sin de thoghroinn cheantair an Imligh i gcontae Chiarraí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Ceann Eich, An Chluain, Fearann na hAbhann, An Garraí Glas, Imleach Draighneach, Imleach Lao, An tImleach Mór Thiar, An tImleach Mór Thoir, Imleach na Muc, An Mhaoilinn, Meall na hÓn, Moing Uí Dhúda, An Mhuiríoch, An Rinn Rua agus An Tulaigh.

(8) An chuid sin de thoghroinn cheantair Loch Luíoch i gcontae Chiarraí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Chathair Bhearnach, Clochbhuaile, Na Comáin agus An Gleann Beag.

(9) An chuid sin de thoghroinn cheantair Thrian Iarthach i gcontae Chiarraí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Formaoil agus Sosadh.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh,

17 Iúil 2018.

JOE MCHUGH,

Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta Agus Gaeltachta.