An tAcht um an Seachtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Cion a aisghairm arb éard é ní diamhaslach a fhoilsiú nó a aithris), 2018

Airteagal 40 den Bhunreacht a leasú

1. Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 40 den Bhunreacht:

(a) cuirfear “ceannairceach” in ionad “diamhaslach nó ceannairceach” i mír i d’fho-alt 1° d’alt 6 den téacs Gaeilge;

(b) cuirfear “seditious” in ionad “blasphemous, seditious,” i mír i d’fho-alt 1° d’alt 6 den téacs Sacs-Bhéarla.