I.R. Uimh. 332/2016 - An tOrdú Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2016.


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 1ú Iúil, 2016, á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

Ar iarraidh a fháil ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2016 is teideal don Ordú seo.

2. Déantar cumhachtaí agus dualgais an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a thugtar di—

(a) leis na hAchtanna den Oireachtas nó na reachtanna nó faoi na hAchtanna den Oireachtas nó na reachtanna a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann díreach roimh an dáta a tháinig an Bunreacht i ngníomh agus a lean i bhfeidhm de bhua Airteagal 50 den Bhunreacht a shonraítear i gCuid 1 den Sceideal,

(b) le forálacha na nAchtanna den Oireachtas a shonraítear i gCuid 2 den Sceideal, nó fúthu, agus

(c) faoi fhorálacha na Rialachán a shonraítear i gCuid 3 den Sceideal,

a tharmligean chuig Seán Ó Cadhain, Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 2001

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956)

Na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 2010

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32 de 2003)

Achtanna an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 2003 agus 2007

Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012)

Cuid 2

Alt 5 (a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna dá dtagraítear san alt sin a aistrítear leis an Ordú um an nGaeilge, um an nGaeltacht agus um na hOileáin (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 2011 (I.R. Uimh. 164 de 2011)) dAcht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 1998 (Uimh. 7 de 1998)

Cuid VI agus Cuid VIII (a mhéid a bhaineann sí le Cuid VI) den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 (Uimh. 1 de 1999)

Alt 2 (a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna dá dtagraítear i mír (e), mír (f) (a mhéid a bhaineann an mhír sin le mír (e)) agus mír (g) dfho-alt (1) den alt sin) den Acht um Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2007 (Uimh. 32 de 2007)

Alt 33(3)(c) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Uimh. 30 de 2000)

Cuid 3

Airteagail 28(1)(o), 82(3)(o), 121(1)(o) agus 179(2)(p) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 go 2015

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais,

28 Meitheamh 2016.

ENDA KENNY,

Taoiseach.