An tAcht um Choimisiú Thithe an Oireachtais (Leasú) 2013

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

5.— (1) Féadfar an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2013 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003 go 2013 a ghairm de na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003 go 2012 agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.