An tAcht um Choimisiú Thithe an Oireachtais (Leasú) 2013

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

3.— Leasaítear alt 4 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A):

“(2B) Is feidhm de chuid an Choimisiúin, aon uair a iarrfaidh Aire den Rialtas air déanamh amhlaidh, seirbhísí aistriúcháin a sholáthar ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile i leith na nithe seo a leanas—

(a) ionstraimí reachtúla arna ndéanamh ag an Aire sin den Rialtas,

(b) ionstraimí reachtúla arna ndéanamh ag duine eile agus a gceanglaítear, de bhun na cumhachta reachtúla faoina ndéantar na hionstraimí sin, go rachfar i gcomhairle leis an Aire sin den Rialtas nó go dtabharfaidh sé nó sí a thoiliú nó a toiliú nó a cheadú nó a ceadú, cibé slí ar a dtuairiscítear é, i ndáil lena ndéanamh, agus

(c) ionstraimí reachtúla arna ndéanamh ag duine eile—

(i) a gcomhlíonann an tAire sin den Rialtas aon fheidhm ina leith de bhun reachta nó ar shlí eile, nó

(ii) dá ndéanann an tAire sin den Rialtas aon airgead a airleacan, as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas, chun críocha chomhlíonadh fheidhmeanna an duine ag an duine sin.

(2C) Féadfaidh an Coimisiún, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, socrú a dhéanamh maidir le daoine seachas comhaltaí d’fhoireann an Choimisiúin do chuidiú leis i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoi fho-ailt (2A) agus (2B).

(2D) Ní choiscfear le haon ní i bhfo-alt (2B) ar Aire den Rialtas ná ar aon duine eile dá dtagraítear san fho-alt sin socrú a dhéanamh maidir le duine seachas an Coimisiún d’aistriú ionstraim reachtúil lena mbaineann an fo-alt sin ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile.

(2E) D’ainneoin alt 5, féadfaidh an Coimisiún táille de cibé méid a chinnfidh an Coimisiún a ghearradh ar Aire den Rialtas, dá soláthraíonn sé seirbhís faoi fho-alt (2B), as an tseirbhís sin.

(2F) Is feidhm de chuid an Choimisiúin an Caighdeán Oifigiúil a athbhreithniú ó am go ham de réir mar is cuí leis, ach uair amháin gach 7 mbliana ar a laghad, agus é a athleasú agus a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis i ndiaidh gach athbhreithnithe den sórt sin.

(2G) D’fhonn athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil a sheoladh faoi fho-alt (2F), rachaidh an Coimisiún i gcomhairle—

(a) leis na hAirí seo a leanas den Rialtas, eadhon—

(i) an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta,

(ii) an tAire Oideachais agus Scileanna, agus

(iii) an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais,

(b) le cibé daoine ag a bhfuil spéis sa Chaighdeán Oifigiúil agus is cuí leis an gCoimisiún, agus

(c) le daoine den phobal i gcoitinne,

agus beidh aird ag an gCoimisiún ar aon aighneachtaí a dhéanfar chuige agus a thig as an gcomhchomhairliúchán sin.

(2H) Déanfar na tagairtí i bhfo-ailt (2F) agus (2G) don Chaighdeán Oifigiúil a fhorléiriú mar thagairtí don Chaighdeán Oifigiúil mar a athleasaíodh agus mar a foilsíodh go deireanach roimhe seo é.”.