An tAcht um Choimisiú Thithe an Oireachtais (Leasú) 2013

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2.— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘An Caighdeán Oifigiúil’ caighdeán oifigiúil na Gaeilge, arna ullmhú ag Tithe an Oireachtais agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais, atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge;

ciallaíonn ‘ionstraim reachtúil’ ordú, rialachán, riail, scéim nó fodhlí arna dhéanamh nó arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht.”.