Acht naGaeltachta, 2012

CUID 4

Ilghnéitheach

Leasú ar an Acht Toghcháin, 1992.

23.— (1) Leasaítear an tAcht Toghcháin, 1992—

(a) in alt 15(1A)(c) (arna leasú le halt 6(b) d’Acht 2001), trí “nó áitiúil” a chur in ionad “áitiúil nó i gcás toghcháin chun Údarás na Gaeltachta”,

(b) in alt 15(5) (arna leasú le halt 6(d) d’Acht 2001), trí “(lena n-áirítear toghchán chun Údarás na Gaeltachta)” a scriosadh,

(c) in alt 15A(4) (arna leasú le halt 7(c) d’Acht 2001), trí “nó i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta” a scriosadh,

(d) in alt 15A(5) (arna leasú le halt 7(d) d’Acht 2001), trí “nó i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta” a scriosadh,

(e) in alt 15B(4) (arna leasú le halt 8 d’Acht 2001), trí “nó i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta” a scriosadh,

(f) in alt 15B(5) (arna leasú le halt 8 d’Acht 2001), trí “nó i dtoghchán chun Údarás na Gaeltachta” a scriosadh,

(g) in alt 25(2)(a) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (iii) agus (iv):

“(iii) toghchán áitiúil.”,

(h) in alt 25(4)(b)(i)(I) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), trí “nó i dtoghcháin Údarás na Gaeltachta” a scriosadh,

(i) in alt 25(4)(b)(iii) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), trí “gur comhalta é den pháirtí,” a chur in ionad “gur comhalta é den pháirtí, nó”,

(j) in alt 25(4)(b) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), trí fhomhír (iv) a scriosadh,

(k) in alt 25C(1)(c) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), trí “1994.” a chur in ionad “1994,”,

(l) in alt 25C(1) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), trí mhír (d) a scriosadh,

(m) in alt 25C(9) (arna leasú le halt 11 d’Acht 2001), trí “, lena n-áirítear chun críche iarratas i scríbhinn arna ndéanamh chuig an gCláraitheoir ar chlárú i leith thoghcháin Údarás na Gaeltachta” a scriosadh, agus

(n) in alt 165(1), trí mhír (d) a scriosadh.

(2) San alt seo, ciallaíonn “Acht 2001” an tAcht Toghcháin (Leasú), 2001.