Acht naGaeltachta, 2012

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

22.— (1) Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 2:

“2. Beidh comhalta den Údarás seachas comhalta arna cheapadh nó arna ceapadh de réir alt 6(2)(a)(vi) i seilbh oifige, mura túisce a éagfaidh an comhalta, a éireoidh sé nó sí as oifig, a thiocfaidh sé nó sí faoi dhícháilíocht nó a chuirfear as oifig é nó í, ar feadh cibé tréimhse nach faide ná cúig bliana a chinnfidh an tAire nuair a bheidh an comhalta á cheapadh nó á ceapadh aige nó aici.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (3):

“3. Féadfar comhalta den Údarás a rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire a athcheapadh ach ní cheapfar é nó í chun oifige ar feadh níos mó ná dhá théarma chomhleanúnacha.”,

(c) i mír 4, trí “nó nuair a bheidh an comhalta tofa faoi Chuid IV den Acht seo” a scriosadh,

(d) i mír 5(1), trí “(seachas na comhaltaí tofa)” a scriosadh,

(e) trí mhír 5(2) a scriosadh,

(f) i mír 5(3), trí “nó a chomhthoghfar” a scriosadh,

(g) i mír 6, trí “(seachas comhalta tofa)” a scriosadh,

(h) i mír 7, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (1):

“(1) Féadfaidh comhalta den Údarás éirí as a oifig nó as a hoifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht ar an dáta a shonrófar sa litir.”,

(i) i mír 7(3), trí “(seachas comhalta tofa)” a scriosadh,

(j) i mír 7(4), trí “(seachas comhalta tofa)” a scriosadh,

(k) i mír 10(4), trí “Cinnfear gach ceist” a chur in ionad “Faoi réir mhír 5(2) cinnfear gach ceist”, agus

(l) i mír 11, trí “(arb é atá ann coiste réigiúnach nó coiste eile arna bhunú faoi alt 10A nó an Coiste Meastóireachta)” a scriosadh.

(2) D’ainneoin leasú an Chéad Sceidil den Phríomh-Acht le fo-alt (1), aon duine a thoghfar mar chomhalta den Údarás de réir Chuid IV den Phríomh-Acht, sula dtiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm, leanfaidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás, mura túisce a éagfaidh sé nó sí nó a éireoidh sé nó sí as an Údarás, go dtí an 30 Meán Fómhair 2012.