Acht naGaeltachta, 2012

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

17.— Leasaítear alt 8 (arna leasú le halt 4 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1), trí “agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann” a scriosadh,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Déanfaidh an tÚdarás forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn.

(1B) Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhairle leis an Aire, cúnamh a sholáthar d’eagraíochtaí, i leith pleananna Gaeilge a fhorbairt, de réir bhrí Chuid 2 d’Acht na Gaeltachta, 2012, don Ghaeltacht.”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Féadfaidh an tÚdarás cibé scéimeanna, tionscadail, cláir agus saoráidí is cuí leis a sheoladh, a rialú agus a bhainistiú sa Ghaeltacht i leith fhorbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6A):

“(6B) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire agus an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, seirbhísí a sheachadadh thar ceann comhlachtaí Stáit eile sa Ghaeltacht.”, agus

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Cinnteoidh an tÚdarás gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann.”.