Acht naGaeltachta, 2012

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

16.— (1) Leasaítear alt 6 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (2A) (arna leasú le halt 3 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999)—

“(2) (a) Is iad na comhaltaí seo a leanas a bheidh ar an Údarás:

(i) cathaoirleach, a gceapfaidh an tAire é nó í;

(ii) gnáthchomhalta amháin, a gceapfaidh an tAire é nó í, ar ainmniú chomhairle contae Chontae Dhún na nGall as measc a comhaltaí, nó mura mbeidh comhalta ar bith den chomhairle contae sin ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae sin, as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae sin;

(iii) gnáthchomhalta amháin, a gceapfaidh an tAire é nó í, ar ainmniú chomhairle contae Chontae Mhaigh Eo as measc a comhaltaí, nó mura mbeidh comhalta ar bith den chomhairle contae sin ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae sin, as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae sin;

(iv) gnáthchomhalta amháin, a gceapfaidh an tAire é nó í, ar ainmniú chomhairle contae Chontae na Gaillimhe as measc a comhaltaí, nó mura mbeidh comhalta ar bith den chomhairle contae sin ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae sin, as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae sin;

(v) gnáthchomhalta amháin, a gceapfaidh an tAire é nó í, ar ainmniú chomhairle contae Chontae Chiarraí as measc a comhaltaí, nó mura mbeidh comhalta ar bith den chomhairle contae sin ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae sin, as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae sin;

(vi) gnáthchomhalta amháin, a gceapfaidh an tAire é nó í go ceann tréimhse 2 bhliain ar ainmniú ó gach ceann de chomhairlí contae chontaetha Chorcaí, na Mí agus Phort Láirge de réir mhír (b);

(vii) 6 ghnáthchomhalta, a gceapfaidh an tAire iad.

(b) (i) Déanfaidh gach ceann de na comhairlí contae dá dtagraítear i mír (a)(vi) an gnáthchomhalta dá dtagraítear sa mhír sin a ainmniú as measc chomhaltaí na comhairle contae lena mbaineann nó, mura mbeidh comhalta ar bith de cheann amháin de na comhairlí contae lena mbaineann ar fáil nó mura measfar comhalta ar bith di a bheith oiriúnach lena cheapadh nó lena ceapadh ag an gcomhairle contae lena mbaineann, ainmneoidh sí an gnáthchomhalta sin as measc daoine a mheasfaidh an chomhairle contae lena mbaineann a bheith ionadaitheach do limistéar amháin nó níos mó de na limistéir Ghaeltachta nó de na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta sa chontae lena mbaineann.

(ii) Is é nó is í an tAire a chinnfidh trí chrannchur an t-ord ina gceapfar daoine a ainmneofar faoi mhír (b)(i) chun an Údaráis.

(2A) Ní cheapfaidh an tAire duine chun an Údaráis mura deimhin leis an Aire go bhfuil taithí ag an duine ar nithe, nó cumas léirithe aige nó aici i nithe, atá ábhartha i leith fheidhmeanna an Údaráis, lena n-áirítear an cumas chun feidhmeanna i ndáil leis an Údarás a chomhall trí mheán na Gaeilge.”.