Acht naGaeltachta, 2012

Líonraí Gaeilge.

11.— (1) Féadfaidh an tAire le hordú, pobal sonraithe, seachas pobal i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó i limistéar Gaeltachta, a ainmniú chun bheith ina Líonra Gaeilge.

(2) Maidir le pobal a shonrófar in ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1), is pobal é—

(a) a thacaíonn le húsáid na Gaeilge, agus

(b) a chomhaontaigh plean Gaeilge dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a chur i ngníomh.

(3) Féadfaidh aon eagraíocht laistigh de phobal lena mbaineann fo-alt (2), agus a measfaidh Foras na Gaeilge í a bheith ionadaitheach don phobal lena mbaineann, plean Gaeilge a ullmhú, le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge, ar plean é a bheidh le cur i ngníomh ag an bpobal sin, agus an plean sin a chur faoi bhráid an Aire.

(4) I gcás go ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, plean dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a cheadú, déanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1), agus cuirfidh an eagraíocht lena mbaineann an plean i ngníomh.

(5) Déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le plean dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a chur i ngníomh i gceann cibé eatraimh is dóigh leis an Aire is gá agus is cuí chun an plean lena mbaineann a chur i ngníomh.

(6) Más rud é, i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (5), go measfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le Foras na Gaeilge, nach bhfuil an plean lena mbaineann á chur i ngníomh, nó nach bhfuil sé á chur i ngníomh go leordhóthanach, cuirfidh an tAire na nithe seo a leanas in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don eagraíocht lena mbaineann—

(a) na heasnaimh arna sainaithint ag an Aire ar chur i ngníomh an phlean, agus

(b) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar na heasnaimh a leigheas.

(7) Féadfaidh an tAire an tréimhse a fhadú ar laistigh di a dhéanfar na heasnaimh dá dtagraítear san fhógra faoi fho-alt (6) a leigheas.

(8) I gcás go mbeidh fógra faoi fho-alt (6) seolta ag an Aire, déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis na heasnaimh dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin a leigheas i ndeireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin nó i ndeireadh aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (7).

(9) I gcás go measfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le Foras na Gaeilge, nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go ndéanfar an plean Gaeilge lena mbaineann a chur i ngníomh nó a chur i ngníomh go leordhóthanach, féadfaidh an tAire, le hordú, ainmniú an phobail lena mbaineann a chúlghairm le héifeacht ón dáta a shonraítear san ordú.