Acht naGaeltachta, 2012

Pleananna Gaeilge a chur i ngníomh i mBailte Seirbhíse Gaeltachta.

10.— (1) I gcás ina ndéanfaidh an tAire le hordú faoi alt 9 (1) baile a ainmniú chun bheith ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, beidh an eagraíocht a roghnófar faoi alt 9 (5), (6), (10)(a)(13)(a) freagrach as an bplean Gaeilge a chur i ngníomh tar éis don Aire é a cheadú faoi alt 9 (11).

(2) Is é a chuideoidh leis an eagraíocht lena mbaineann maidir leis an bplean Gaeilge a chur i ngníomh—

(a) i gcás go bhfuil an baile lena mbaineann suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta nó i Limistéar Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, nó

(b) i gcás go bhfuil an baile suite in áit eile, Foras na Gaeilge.

(3) Déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an bplean Gaeilge arna cheadú faoi alt 9 (11) a chur i ngníomh, i gceann cibé eatraimh is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí chun an plean lena mbaineann a chur i ngníomh.

(4) Más rud é, i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (3), go measfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta nó le Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, nach bhfuil an plean lena mbaineann á chur i ngníomh nó nach bhfuil sé á chur i ngníomh go leordhóthanach, cuirfidh an tAire na nithe seo a leanas in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don eagraíocht lena mbaineann—

(a) na heasnaimh arna sainaithint ag an Aire ar chur i ngníomh an phlean, agus

(b) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar na heasnaimh a leigheas.

(5) Féadfaidh an tAire, i gcás gur cuí leis an Aire déanamh amhlaidh, an tréimhse a fhadú ar laistigh di a dhéanfar na heasnaimh dá dtagraítear san fhógra faoi fho-alt (4) a leigheas.

(6) I gcás go mbeidh fógra faoi fho-alt (4) seolta ag an Aire, déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis na heasnaimh dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin a leigheas i ndeireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin nó i ndeireadh aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (5).

(7) I gcás go measfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta nó le Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go ndéanfar an plean Gaeilge lena mbaineann a chur i ngníomh nó a chur i ngníomh go leordhóthanach, féadfaidh an tAire, le hordú, ainmniú an bhaile lena mbaineann mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a chúlghairm le héifeacht ón dáta a shonrófar san ordú.

(8) Ní choiscfear le hordú faoi fho-alt (7) ar an Aire a chumhachtaí nó a cumhachtaí a fheidhmiú faoi alt 9 .