Acht naGaeltachta, 2012

Bailte Seirbhíse Gaeltachta.

9.— (1) Féadfaidh an tAire, le hordú, baile sonraithe a ainmniú chun bheith ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta de réir an ailt seo, i gcás go bhfuil an baile lena mbaineann suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, nó tadhlach leis, má tá na nithe seo a leanas ar fáil sa bhaile sin—

(a) seirbhísí poiblí le haghaidh an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, agus

(b) saoráidí sóisialta, áineasa agus tráchtála a théann chun tairbhe don Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta.

(2) Foilseoidh an tAire fógra, i cibé foirm agus modh is cuí leis an Aire, i dtaobh é a bheith ar intinn ag an Aire baile a ainmniú chun bheith ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta agus áireoidh sé nó sí san fhógra—

(a) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar plean Gaeilge dá dtagraítear i bhfo-alt (7) a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, agus

(b) aon fhaisnéis eile is dóigh leis an Aire is gá chun críocha an ailt seo.

(3) Féadfaidh eagraíocht atá bunaithe sa bhaile lena mbaineann iarratas a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta nó chuig Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, chun bheith ina heagraíocht arna roghnú faoi fho-alt (5)(6).

(4) I gcás nach ndéanfaidh aon eagraíocht iarratas faoi fho-alt (3), féadfaidh an tAire fógra eile a fhoilsiú faoi fho-alt (2) i ndáil leis an mbaile lena mbaineann.

(5) Déanfaidh Údarás na Gaeltachta, i gcás go bhfuil an baile lena mbaineann suite i Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus go bhfuil sé ina ábhar d’fhógra faoi fho-alt (2), eagraíocht a roghnú a rinne iarratas faoi fho-alt (3) agus arb í, i dtuairim Údarás na Gaeltachta, an eagraíocht is cumasaí chun plean a ullmhú arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála an bhaile lena mbaineann (dá ngairtear “plean Gaeilge” san alt seo) agus an céanna a spreagadh, de réir critéar pleanála teanga forordaithe, agus nuair a bheidh déanta amhlaidh aige, cuirfidh sé an roghnú in iúl don eagraíocht sin i scríbhinn.

(6) Déanfaidh Foras na Gaeilge, i gcás go bhfuil an baile lena mbaineann suite in áit seachas Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus go bhfuil sé ina ábhar d’fhógra faoi fho-alt (2), eagraíocht a roghnú a mbeidh iarratas déanta aici faoi fho-alt (3), agus arb í an eagraíocht is cumasaí, i dtuairim Fhoras na Gaeilge, chun plean Gaeilge a ullmhú, de réir critéar pleanála teanga forordaithe, agus nuair a bheidh déanta amhlaidh aige, cuirfidh sé an roghnú in iúl don eagraíocht sin i scríbhinn.

(7) Ullmhóidh an eagraíocht lena mbaineann plean Gaeilge i leith an bhaile lena mbaineann agus cuirfidh sí an plean faoi bhráid an Aire lena cheadú.

(8) Cuideoidh Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, de réir mar is cuí, leis an eagraíocht lena mbaineann maidir leis an bplean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú.

(9) Féadfaidh an tAire, más cuí leis an Aire déanamh amhlaidh, an tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (2) a fhadú, is tréimhse ar laistigh di a dhéanfar an plean Gaeilge lena mbaineann a chur faoi bhráid an Aire.

(10) I gcás nach ndéanfaidh an eagraíocht a roghnófar faoi fho-alt (5)(6) an plean Gaeilge lena mbaineann a chur faoi bhráid an Aire laistigh den tréimhse dá dtagraítear san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (2) nó laistigh d’aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (9), agus gurb é tuairim an Aire nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann gur féidir leis an eagraíocht plean den sórt sin a chur faoina bhráid nó faoina bráid laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh an tAire—

(a) a iarraidh ar Údarás na Gaeltachta nó ar Fhoras na Gaeilge, de réir mar is cuí, eagraíocht eile a rinne iarratas faoi fho-alt (3) a roghnú chun an plean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (2) nó le linn aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (9) agus fógra i scríbhinn a thabhairt don eagraíocht sin faoin roghnú, nó

(b) fógra eile a fhoilsiú faoi fho-alt (2) i ndáil leis an mbaile lena mbaineann.

(11) I gcás go ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, an plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, déanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) i ndáil leis an mbaile lena mbaineann.

(12) I gcás nach ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, féadfaidh an tAire an tréimhse lena mbaineann a fhadú chun a cheadú don eagraíocht lena mbaineann an plean Gaeilge a leasú agus a athchur faoina bhráid nó faoina bráid.

(13) I gcás nach ndéanfaidh an tAire, ag féachaint do chritéir pleanála teanga fhorordaithe, plean Gaeilge arna chur faoina bhráid nó faoina bráid a cheadú, agus gurb é tuairim an Aire nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann gur féidir leis an eagraíocht plean den sórt sin a chur faoina bhráid nó faoina bráid laistigh de thréimhse ama réasúnach, féadfaidh an tAire—

(a) a iarraidh ar Údarás na Gaeltachta nó ar Fhoras na Gaeilge, de réir mar is cuí, cuireadh a thabhairt d’eagraíocht eile a mbeidh iarratas ar roghnú déanta aici faoi fho-alt (3) an plean Gaeilge lena mbaineann a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar faoi fho-alt (2) agus fógra i scríbhinn a thabhairt don eagraíocht sin faoin roghnú, nó

(b) fógra eile a fhoilsiú faoi fho-alt (2) i ndáil leis an mbaile lena mbaineann.

(14) I gcás go ndéanfaidh an tAire tréimhse a fhadú faoi fho-alt (9)(12), beidh feidhm ag forálacha an ailt seo, fairis na modhnuithe is gá, maidir leis an tréimhse fhadaithe.

(15) I gcás go ndéanfaidh Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge eagraíocht a roghnú tar éis dó iarraidh a fháil faoi fho-alt (10)(a)(13) (a), beidh feidhm ag forálacha an ailt seo, fairis na modhnuithe is gá, i ndáil leis an eagraíocht sin.