Acht naGaeltachta, 2012

Pleananna Gaeilge a chur i ngníomh i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

8.— (1) I gcás go ndéanfaidh an tAire le hordú faoi alt 7 (2) limistéar a ainmniú chun bheith ina Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, is í an eagraíocht a roghnófar faoi alt 7 (6), (10)(a)(13)(a) a bheidh freagrach as an bplean Gaeilge ceadaithe a chur i ngníomh i leith an limistéir a bheidh ainmnithe amhlaidh.

(2) Cuideoidh Údarás na Gaeltachta leis an eagraíocht lena mbaineann maidir leis an bplean Gaeilge lena mbaineann a chur i ngníomh.

(3) Déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis an bplean Gaeilge arna cheadú faoi alt 7 (11) a chur i ngníomh i gceann cibé eatraimh is dóigh leis an Aire is gá nó is cuí chun an plean lena mbaineann a chur i ngníomh.

(4) Más rud é, i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh faoi fho-alt (3), go measfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta, nach bhfuil an plean lena mbaineann á chur i ngníomh, nó nach bhfuil sé á chur i ngníomh go leordhóthanach, cuirfidh an tAire na nithe seo a leanas in iúl, trí fhógra i scríbhinn, don eagraíocht lena mbaineann—

(a) na heasnaimh arna sainaithint ag an Aire ar chur i ngníomh an phlean, agus

(b) an tréimhse ar laistigh di a dhéanfar na heasnaimh a leigheas.

(5) Féadfaidh an tAire, i gcás go measfaidh an tAire gur cuí déanamh amhlaidh, an tréimhse a fhadú ar laistigh di a dhéanfar na heasnaimh dá dtagraítear san fhógra faoi fho-alt (4) a leigheas.

(6) I gcás go mbeidh fógra faoi fho-alt (4) seolta ag an Aire, déanfaidh an tAire athbhreithniú ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir leis na heasnaimh dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin a leigheas i ndeireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin nó i ndeireadh aon fhadú ar an tréimhse sin faoi fho-alt (5).

(7) I gcás go measfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta, nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go ndéanfar an plean Gaeilge lena mbaineann a chur i ngníomh, nó a chur i ngníomh go leordhóthanach, féadfaidh an tAire le hordú ainmniú an limistéir lena mbaineann faoi alt 7 (2) a chúlghairm, le héifeacht ón dáta a shonrófar san ordú.

(8) Ní choiscfear ar an Aire le hordú faoi fho-alt (7) a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoi alt 7 a fheidhmiú maidir leis an limistéar lena mbaineann nó le haon chuid den limistéar sin.