Acht naGaeltachta, 2012

CUID 2

Pleanáil Teanga

Mínithe (Cuid 2).

6.— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “limistéar Gaeltachta” limistéar ar cinneadh roimh an Acht seo a rith le hordú arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 gur limistéar Gaeltachta é agus a lean de bheith ina limistéar den sórt sin le halt 7 (1);

ciallaíonn “Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta” limistéar a ainmnítear le hordú faoi alt 7 (2) chun bheith ina Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta;

ciallaíonn “Baile Seirbhíse Gaeltachta” baile a ainmnítear le hordú faoi alt 9 (1) chun bheith ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta;

ciallaíonn “Líonra Gaeilge” pobal a ainmnítear le hordú faoi alt 11 (1) chun bheith ina Líonra Gaeilge;

ciallaíonn “eagraíocht” comhlacht corpraithe (cibé acu ilchorparáid nó corparáid aonair é) nó comhlacht neamhchorpraithe daoine;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 3 ; agus

ciallaíonn “baile” áit ar mó ná 1,000 a daonra arna fhionnadh de réir an daonáirimh arb é de thuras na huaire an daonáireamh deiridh é a foilsíodh.