Acht naGaeltachta, 2012

Rialacháin.

3.— (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh, ag féachaint dó nó di do na hacmhainní a bheidh ar fáil agus tar éis dul i gcomhairle le cibé Airí den Rialtas is cuí leis an Aire, ar rialacháin iad lena bhforordófar aon ní nó aon rud dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe nó le forordú chun a chumasú go mbeidh lánéifeacht le haon fhoráil den Acht seo.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith in ordú nó i rialachán faoin Acht seo is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha an ordaithe nó an rialacháin, de réir mar a bheidh.

(3) Gach ordú (seachas ordú faoi alt 1 (2)) nó gach rialachán faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.