An tAcht um an Aonú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2012

An Bunreacht a leasú.

1.— Leasaítear an Bunreacht leis seo mar a leanas:

(a) aisghairfear alt 5 d’Airteagal 42 den téacs Gaeilge;

(b) aisghairfear alt 5 d’Airteagal 42 den téacs Sacs-Bhéarla;

(c) cuirfear an tAirteagal a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal isteach i ndiaidh Airteagal 42 den téacs Gaeilge;

(d) cuirfear an tAirteagal a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal isteach i ndiaidh Airteagal 42 den téacs Sacs-Bhéarla.