An tAcht um an Naoú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2011

Airteagal 35 den Bhunreacht a leasú.

1.— Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 35 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal in ionad alt 5 den téacs Gaeilge; agus

(b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal in ionad alt 5 den téacs Sacs-Bhéarla.