An tAcht na nDlí-Chleactóirí (An Ghaelige) 2008

Leasú ar alt 43 (díolúintí d’abhcóidí cleachtacha) den Acht Aturnaethe 1954.

3.— Déantar alt 43 (a cuireadh isteach le halt 51 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994) den Acht Aturnaethe 1954 a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Ní cheanglófar ar dhuine lena mbaineann an t-alt seo cúrsa teagaisc faoi alt 40(2A)(c)(i) (a cuireadh isteach le halt 2 d’Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008) a dhéanamh más rud é—

(a) go mbeidh cúrsa teagaisc dá bhforáiltear faoi alt 1 d’Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008 déanta aige nó aici, nó

(b) go raibh pas faighte aige nó aici, nó go raibh sé nó sí, díreach roimh thosach feidhme Acht na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2008, díolmhaithe ó phas a fháil, in aon scrúdú Gaeilge arna fhorordú ag an bPríomh-Bhreitheamh faoi alt 3 den Acht Lucht Cleachtuithe Dlí (Cáilíocht) 1929.”.