I.R. Uimh. 32/2004 -An tOrdú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Tosach Feidhme) 2004


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 1(2) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003) , ordaímse, Éamon Ó Cuív, T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Tosach Feidhme) 2004, is teideal don Ordú seo.

2. San Ordú seo, ciallaíonn “Acht 2003” Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Uimh. 32 de 2003) .

3. Socraítear gurb é an 19 Eanáir 2004 an lá a thiocfaidh—

(a)  ailt 5 agus 6,

(b)  Cuid 3 (seachas ailt 9(3) agus 10) agus Cuid 4, agus

(c)  alt 36

d'Acht 2003 agus an Chéad Sceideal agus an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 2003 i ngníomh.

4. Socraítear gurb é an 1 Bealtaine 2004 an lá a thiocfaidh—

(a)  mír (a), a mhéid a bhaineann sí le comhlacht poiblí (seachas údarás áitiúil),

(b)  mír (a), a mhéid a bhaineann sí le húdarás áitiúil, maidir le doiciméid a fhoilsítear tar éis an lae sin (seachas plean forbartha a fhoilsítear faoi alt 11 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Uimh. 30 de 2000) ach nach bhfuil déanta fós faoi alt 12 den Acht sin),

(c)  mír (b), a mhéid a bhaineann sí le tuarascáil bhliantúil maidir leis an mbliain 2003 nó aon bhliain dá éis sin,

(d)  mír (c), a mhéid a bhaineann sí le cuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais i leith na bliana 2003 nó aon bhliain dá éis sin,

(e)  mír (d), a mhéid a bhaineann sí le ráiteas straitéise i leith na bliana 2003 nó aon bhliain dá éis sin, agus

(f)  mír (e)

d'alt 10 d'Acht 2003 i ngníomh.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, 19 Eanáir 2004.

ÉAMON Ó CUÍV,

Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)

Tugann an tOrdú seo tosach feidhme don Chuid is mó de fhorálacha d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le héifeacht ó 19 Eanáir 2004. Tugann sé tosach feidhme d'Alt 10 den Acht le héifeacht ó 1 Bealtaine 2004 i gcás doiciméid sonraithe a bhaineann leis an mbliain 2003 nó aon bhliain dá éis sin. Tá foráil ar leith maidir le plean forbartha contae arna fhoilsiú roimh 1 Bealtaine 2004 ach nach bhfuil déanta go foirmiúil fós ag an dáta sin.

EXPLANATORY NOTE.

(This note is not part of the Instrument and does not purport to be a legal interpretation.)

This Order commences the majority of the provisions of the Official Languages Act 2003 with effect from 19 January 2004. It commences section 10 of the Act with effect from 1 May 2004 in the case of specified documents that relate to the year 2003 or any subsequent year. Particular provision is made for a county development plan which has been published prior to 1 May 2004, but not yet formally made on that date.