I.R. Uimh. 681/2003 -Na RialacháinGairmoideachais (Deontais do Scéimeanna Bliantúla na gCoistí), 2002


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 53 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930 (Uimh. 29 de 1930), agus le ceadú an Aire Airgeadais, déanaimse, Nollaig ó Díomasaigh, Aire Oideachais agus Eolaíochta, leis seo, na Rialacháin seo a leanas:

1.     Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeann Bliantúla Coistí), 2002, is teideal do na Rialacháin seo.

2.     Sna Rialacháin seo:

ciallaíonn “an tAcht” an t Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , (Uimh. 29 de 1930);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais agus Eolaíochta;

ciallaíonn “coiste” coiste gairmoideachais;

ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile átha Cliath” an limistéar gairmoideachais arb é contae-bhuirg Bhaile átha Cliath é;

ciallaíonn “limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire” an limistéar gairmoideachais arbh é buirg Dhún Laoghaire suas go dtí 31 Nollaig, 1993.

3.     Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937) , leis na Rialacháin seo.

4.     Má bhíonn sa bhliain airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 2002, an ranníoc áitiúl bliantúil a íocfaidh údarás ráthúcháin le coiste níos mó d'aon suim (dá ngairtea r “ab barrachas ranníoca” sna Rialacháin seo) ná dliteanas bliantúil íosta an údaráis rátúch áin sin i leith an choiste sin, féadfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais sin, deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Breise), a thabhairt don choiste sin, faoi alt 53 Acht, arb é a bheidh ann:

(a)          suim is comhionann le ceithre oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste de limistéar gairmoideachais buirge (seachas limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile átha Cliath), nó

(b)          suim is comhionann le dhá oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile átha Cliath nó do limistéar gairmoidechais Dhún Laoghaire, nó

(c)          suim is comhionann leis an mbarrachas ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais contae.

5.     I gcás na bliana airgeadais dar tosach an lú lá d“Eanáir, 2002, féadfaidh an tAire, i dteannta an Deontais Bhreise, na deontais seo a leanas a thabhairt faoi alt 53 den Acht”

(1)         do Choiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí suim nach mó ná €33,770,672

(2)         do Choiste Gairmoideachais Chathair Bhaile átha Cliath suim nach mó ná €99,193,948

(3)         do Choiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh suim nach mó ná €14,122,258

(4)         do Choiste Gairmoideachais Chathair Phort Láirge suim nach mó ná €8,741,389

(5)         do Choiste Gairmoideachais Dhún Laoghaire suim nach mó ná €12,565,875

(6)         do Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe suim nach mó ná €12,655,324

(7)         do Choiste Gairmoideachais Chontae Cheatharlach suim nach mó ná €11,997,609

(8)         do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chabháin suim nach mó ná €11,644,153

(9)         do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chláir suim nach mó ná €21,262,810

(10)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí suim nach mó ná €53,582,554

(11)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall suim nach mó ná €30,754,053

(12)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile átha Cliath suim nach mó ná €66,373,732

(13)       do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe suim nach mó ná €19,904.372

(14)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Chiarraí suim nach mó ná €24,194,231

(15)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara suim nach mó ná €21,648,698

(16)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Chainnigh suim nach mó ná €12,938,118

(17)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Laoise suim nach mó ná €10,698,534

(18)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Liatroma suim nach mó ná €6,456,369

(19)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Luimnigh suim nach mó ná €23,795,102

(20)       do Choiste Gairmoideachais Chontae an Longfoirt suim nach mó ná €8,151,738

(21)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Lú suim nach mó ná €20,328,437

(22)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhaigh Eo suim nach mó ná €18,014,153

(23)       do Choiste Gairmoideachais Chontae na Mí suim nach mó ná €16,238,398

(24)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhuineacháin suim nach mó ná €11,988,535

(25)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Uíbh Fhailí suim nach mó ná €13,619,547

(26)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Ros Comáin suim nach mó na €10,773,619

(27)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Shligigh suim nach mó ná €8,144,870

(28)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid árann (An Trian Thuaidh suim nach mó ná €13,488,550

(29)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid árann (An Trian Theas) suim nach mó ná €12,452,636

(30)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge suim nach mó ná €15,122,982

(31)       do Choiste Gairmoideachais Chontae na hIarmhí suim nach mó ná €13,163,510

(32)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Loch Gorman suim nach mó ná €21,059,550

(33)       do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Mhantáin suim nach mó ná €29,697,105

dá ngairfear agus ar a dtabharfar i ngach cás Deontas Speisialta.

6.     Chun críche aon ríomh a bheidh á dhéanamh de réir na Rialachán seo:

(a)          ní thabharfar aird a fhorálacha reachtúla speisialta i dtaobh measúnú éagsúil a dhéanamh ar shaghsanna áirithe maoine nó ar chodanna ar leith de limistéar údaráis rátúcháin;

(b)          ní gá aird a thabhairt ar aon chodán de euro is comhionann le caoga ceint nua nó is lú ná su agus féadfar gach codán eile den sórt sin a áireamh mar euro; agus

(c)          tá leis an abairt “an dliteanas bliantúil íosta” an bhrí a shanntar di le halt 43(2 den Acht arna leasú le halt 2 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú, 1950 (Uimh. 33 de 1950).

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi mo

Shéala Oifigiúil,

8 lá seo de Nollaig, 2003.

/images/ga.si.2003.0681.0001.jpg

Ceadaíonn an tAire Airgeadais leis seo na Rialacháin sin roimhe seo.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi Shéala

Oifigiúil an Aire Airgeadais

an 10 lá seo de Nollaig, 2003.

/images/ga.si.2003.0681.0002.jpg

NÓTA MÍNIÚCHÁIN

(Ní cuid den ionstraim an nóta seo, ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil airthi é).

Rialaíonn na rialacháin seo ioc deontas breise agus deontas forlíontach agus deontas speisialta le Coistí Gairmoideachais sa bhliain airgeadais dar tosach an 1 Eanáir, 2002.