Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Forléiriú focal i ndoiciméid dhlíthiúla.

33.—(1) Focal nó focail a mbeidh dearbhaithe ag an Aire in ordú logainmneacha gurb é an leagan Gaeilge é, nó gurb iad an leagan Gaeilge iad, de logainm a bheidh sonraithe san ordú, forléireofar i ndoiciméad dlíthiúil, mura léir a mhalairt d'intinn, é nó iad a bheith ag tagairt don áit chéanna agus a bheith ar chomhfheidhm agus ar chomhéifeacht leis an leagan Béarla den logainm a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an tAire dearbhú faoi alt 32 i leith logainm i limistéar Gaeltachta, ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht a thuilleadh leis an leagan Béarla den logainm amhail ar an agus ón dáta feidhme ach sin gan dochar d'aon ní arna dhéanamh roimh an dáta sin nó dá éis lena n-áirítear úsáid an leagain sin seachas a úsáid—

(a) in aon Acht den Oireachtas a rithfear tar éis an dáta feidhme nó in aon ionstraim reachtúil a dhéanfar tar éis an dáta sin faoi aon Acht,

(b) i cibé léarscáileanna, arna n-ullmhú agus arna bhfoilsiú ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann nó le cead uaithi, a bheidh forordaithe, nó

(c) ar chomhartha bóthair nó sráide arna chur suas ag údarás áitiúil nó thar a cheann.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “doiciméad dlíthiúil”—

(a) aon Acht den Oireachtas a rithfear tar éis an dáta feidhme, aon ionstraim reachtúil a dhéanfar tar éis an dáta sin faoi aon Acht nó an tiontú oifigiúil ar aon Acht nó ionstraim;

(b) aon ionstraim a bhfuil éifeacht dhlíthiúil nó iarmhairtí dlíthiúla aici nó a mbeartaítear an éifeacht nó na hiarmhairtí sin a bheith aici agus a fhorghníomhófar ar an dáta feidhme nó dá éis;

(c) aon doiciméad a úsáidtear in imeachtaí dlíthiúla nó chun críocha imeachtaí dlíthiúla agus a dhéanfar, a eiseofar nó a sheirbheálfar ar an dáta feidhme nó dá éis,

ciallaíonn “an dáta feidhme” an dáta a dtiocfaidh an t-ordú logainmneacha iomchuí i ngníomh.