Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Orduithe logainmneacha.

32.—(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire, tar éis dó nó di comhairle a fháil ón gCoimisiún agus an chomhairle sin a bhreithniú, le hordú (dá ngairtear “ordú logainmneacha” sa Chuid seo)—

(a) a dhearbhú gurb é an leagan Gaeilge de logainm a bheidh sonraithe san ordú cibé focal nó focail a shonróidh sé nó sí san ordú,

(b) ordú logainmneacha a leasú nó a chúlghairm.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire dearbhú faoi fho-alt (1) i ndáil le háit i limistéar Gaeltachta a bhfuil dearbhú faoi Chuid 18 den Acht Rialtais �itiúil 2001 i bhfeidhm ina leith.

(3) Leagfar gach ordú logainmneacha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.