Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Achomhairc chuig an Ard-Chúirt.

28.—(1) Féadfaidh páirtí in imscrúdú faoin Acht seo nó aon duine eile a ndéanann fionnachtana agus moltaí an Choimisinéara tar éis imscrúdú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí i gcoinne an chinnidh.

(2) Déanfar achomharc faoi fho-alt (1) a thionscnamh tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis fógra maidir leis na fionnachtana agus na moltaí iomchuí a thabhairt don duine a bheidh ag tionscnamh an achomhairc.

(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh an Ard-Chúirt achomharc faoin alt seo ag duine, seachas ag ceann, a dhíbhe, féadfaidh an Chúirt sin, má mheasann sí gur ghabh tábhacht phoiblí eisceachtúil leis an bponc dlí lena mbaineann, a ordú go ndéanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann cuid de chostais an duine i ndáil leis an achomharc, nó iad go léir, a íoc.

(b) Féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go ndéanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann cuid de chostais duine, seachas ceann, i ndáil le tarchur faoin alt seo, nó iad go léir, a íoc.

(4) Maidir le cinneadh ón Ard-Chúirt tar éis achomhairc faoi fhoalt (1), sonrófar ann, i gcás inar cuí sin, an tréimhse ar laistigh di a thabharfar éifeacht don chinneadh.