Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Tuarascáil ar fhionnachtana.

26.—(1) In aon chás ina ndéanfar gearán leis an gCoimisinéir agus ina gcinnfidh an Coimisinéir gan imscrúdú a dhéanamh faoin Acht seo nó scor d'imscrúdú den sórt sin, déanfaidh sé nó sí ráiteas i scríbhinn maidir leis na cúiseanna atá aige nó aici leis an gcinneadh a chur chuig an duine a rinne an gearán agus chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann agus déanfaidh sé nó sí cibé ráiteas i scríbhinn is cuí leis nó léi i ndáil leis an ní a chur chuig cibé duine eile is cuí leis nó léi.

(2) In aon chás ina seolfaidh an Coimisinéir imscrúdú faoin Acht seo, déanfaidh sé nó sí tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoina mbráid seo a leanas—

(a) an comhlacht poiblí lena mbaineann,

(b) an tAire, agus

(c) i gcás ina ndéanfar gearán leis an gCoimisinéir, an gearánach,

maidir le fionnachtana an imscrúdaithe agus féadfaidh sé nó sí aon mholtaí is cuí leis nó léi, ag féachaint don imscrúdú, a áireamh sa tuarascáil.

(3) Gan dochar d'fho-alt (2), féadfaidh an Coimisinéir tuarascáil eatramhach a eisiúint más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh.

(4) Féadfaidh an Coimisinéir a iarraidh ar chomhlacht poiblí aon tuairimí a bheidh aige maidir le haon fhionnachtana nó moltaí atá ar áireamh i dtuarascáil faoin alt seo a chur faoina bhráid nó faoina bráid laistigh de thréimhse ama shonraithe.

(5) Más rud é, laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis tuarascáil a bhfuil moltaí inti a chur faoi bhráid comhlachta phoiblí faoi fho-alt (2), nach mbeidh, i dtuairim an Choimisinéara, aon chuid de na moltaí atá sa tuarascáil curtha i ngníomh ag an gcomhlacht sin, féadfaidh an Coimisinéir, tar éis aon fhreagraí a bhreithniú a bheidh tugtha ag an gcomhlacht poiblí dó nó di i leith na moltaí sin, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas maidir leis an gcéanna.

(6) Cuirfidh an Coimisinéir ag gabháil le gach tuarascáil faoi fhoalt (5) cóip de gach freagra (más ann) a bheidh tugtha ag comhlacht poiblí nó thar a cheann ar na moltaí sin.