Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

An tAire do dhaingniú dréachtscéimeanna.

14.—(1) Ar chomhlacht poiblí do thíolacadh dréacht-scéime don Aire, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine eile lena n-áirítear cibé Aire eile (más ann) den Rialtas a measfaidh an tAire gur chóir dul i gcomhairle leo, agus le toiliú cheann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, an dréacht-scéim a dhaingniú gan leasú nó fara cibé leasuithe is cuí leis nó léi.

(2) Déanfaidh an tAire, tar éis aon dréacht-scéim a dhaingniú faoin alt seo, cóip den scéim a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir.

(3) Fanfaidh scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta a ndaingníonn an tAire í nó go dtí go mbeidh scéim nua daingnithe ag an Aire de bhun alt 15 , cibé acu is déanaí.