Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Comhlacht poiblí d'ullmhú dréacht-scéime.

13.—(1) Ar fhógra faoi alt 11 a fháil, déanfaidh comhlacht poiblí—

(a) fógra a fhoilsiú á rá go bhfuil ar intinn aige dréacht-scéim a ullmhú agus uiríll a lorg ó aon pháirtithe leasmhara, agus

(b) laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, dréacht-scéim a ullmhú agus a thíolacadh don Aire lena daingniú.

(2) Le linn dréacht-scéim a ullmhú, déanfaidh an comhlacht poiblí—

(a) aird a thabhairt ar aon treoirlínte arna n-eisiúint faoi alt 12 agus atá i bhfeidhm,

(b) aird a thabhairt ar aon uiríll arna ndéanamh ag aon pháirtí leasmhar faoi fho-alt (1),

(c) a chinntiú go bhfuil líon leordhóthanach dá fhoireann inniúil sa Ghaeilge chun go mbeidh siad in ann a sheirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla,

(d) a chinntiú go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar i limistéir Ghaeltachta,

(e) a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh sé le toiliú an Aire.

(3) Ní bheidh i ndréacht-scéim ach cibé nithe a cheanglaítear a shonrú faoi fho-ailt (1) agus (2) d'alt 11.