Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Dualgas comhlachtaí poiblí doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.

10.—D'ainneoin aon achtacháin eile, déanfaidh comhlacht poiblí (seachas comhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe de bhun rialachán chun críocha chlásal (b) de mhír 1(5) den Chéad Sceideal) na doiciméid seo a leanas, a dhéanfaidh sé nó a dhéanfar faoina údarás, a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla:

(a) aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí;

(b) aon tuarascáil bhliantúil;

(c) aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais;

(d) aon ráiteas straitéise a cheanglaítear a ullmhú faoi alt 5 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997; agus

(e) aon doiciméad de thuairisc nó d'aicme a bheidh forordaithe de thuras na huaire, le toiliú an Aire Airgeadais agus cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas, agus is doiciméad de thuairisc nó d'aicme a bhfuil, i dtuairim an Aire, tábhacht mhór phoiblí ag baint leis.