I.R. Uimh. 483/2001 -An tOrdú Staidrimh (Praghsanna Aschuir), 2001


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 25(1) den Acht Staidrimh, 1993 (Uimh. 21 de 1993), agus leis an Ordú Staidrimh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1997 (I.R. Uimh. 327 de 1997), agus chun críocha éifeacht a thabhairt do Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 an 19 Bealtaine, 1998, ón gComhairle1 , ordaímse, Séamus Ó Braonáin, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo mar a leanas:

1.       An tOrdú Staidrimh (Praghsanna Aschuir), 2000, is teideal don Ordú seo.

2.       Tá feidhm ag an Ordú seo maidir leis na haonaid staidrimh i Roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 an 15 Márta, 1993, ón gComhairle2 , seachas údaráis phoiblí, a aicmítear chun críocha staitistiúla faoi Ranna C go E de NACE Rev. 1 (atáleagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 an 9 Deireadh Fómhair, 1991, ón gComhairle3 , arna leasú le Rialachán (CEE) Uimh. 761/93 an 24 Márta 1993, ón gComhairle4 ) ar aonaid iad ina bhfostaítear deichniúr nó níos mó agus a bhí ag gabháil dá ngníomhaíochtaí eacnamaíochta faoi seach aon tráth le linn na bliana ar ina leith a dhéantar suirbhé dá dtagraítear in Airteagal 3 den Ordú seo.

3.       Cuirfear ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 4 den Ordú seo i bhfoirm staidrimh de bhun suirbhé mhíosúil a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh agus cuirfear ar fáil í de réir treoracha faoi alt 26 den Acht Staidrimh, 1993 (Uimh. 21 de 1993).

4.       Ceanglaítear ar aonad staidrimh a bhfuil feidhm ag an Ordú seo leis faisnéis a chur ar fáil don Phríomh-Oifig Staidrimh i ndáil lena phraghsanna aschuir agus, ach go háirithe, cuirfidh sé ar fáil an fhaisnéis a shonraítear sa Sceideal den Ordú seo.

SCEIDEAL 1

A.    Sonraí táirgí sonraithe le praghsáil a dhéanfar a athbhreithniú go bliantúil, .i. tuairisc téarmaí díolacháin, tír díolacháin, lascaine/formhuirir, airgeadra díolacháin.

B.    Praghsanna idirbhirt ar an gcúigiú lá déag de gach mí maidir le táirgí sonraithe.

/images/seal.jpg

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh,

   31st oct.   2001.

/images/si-0483-007-001.jpg

Séamus Ó Braonáin, T.D.

Aire Stáit ag

Roinn an Taoisigh

1 I.O. Uimh. L 162, 5.6.1998, Ich. I.

2 I.O. Uimh, L76, 30.3.1993, Ich. 1

3 I.O. Uimh, L293, 24.10.1990, Ich. 1

4 I.O. Uimh, L83, 3.4.1993, Ich. 1