An tAcht um an Aonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001

Airteagail 13, 15, 28 agus 40 den Bhunreacht a leasú.

1.—(a) Na leasuithe ar Airteagail 13, 15, 28 agus 40 den Bhunreacht atá leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déanfar iad sa téacs Gaeilge.

(b) Na leasuithe ar na hAirteagail sin atá leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déanfar iad sa téacs Sacs-Bhéarla.

(c) Déanfar Airteagal 15.5 den dá théacs a uimhriú mar Airteagal 15.5.1° agus déanfar fo-ailt 6° agus 7° d'Airteagal 40.4 den dá théacs a uimhriú mar fho-ailt 5° agus 6° faoi seach.