Customs and Excise (Mutual Assistance) Act, 2001

SEVENTH SCHEDULE

THE TEXT IN THE IRISH LANGUAGE OF THE AGREEMENT

COMHAONTÚ I dTAOBH AN COINBHINSIÚN ARNA DHRÉACHTÚ AR BHONN AIRTEAGAL K.3 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH MAIDIR LE hÚSÁID THEICNEOLAÍOCHT AN EOLAIS CHUN CRÍOCHA CUSTAIM A CHUR I bhFEIDHM GO SEALADACH IDIR BHALLSTÁIT ÁIRITHE DEN AONTAS EORPACH

RÍOCHT NA BEILGE,

RÍOCHT NA DANMHAIRGE,

POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,

AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,

RÍOCHT NA SPÁINNE,

POBLACHT NA FRAINCE,

ÉIRE,

POBLACHT NA hIODÁILE,

ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,

RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,

POBLACHT NA hOSTAIRE,

POBLACHT NA PORTAINGÉILE,

POBLACHT NA FIONLAINNE,

RÍOCHT NA SUALAINNE,

RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN,

Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus sínitheoirí Choinbhinsiún an 26 Iúil 1995 arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críocha custaim, dá ngairtear “an Coinbhinsiún” anseo feasta,

AG FÉACHAINT dá thábhachtaí atá sé an Coinbhinsiún a chur i bhfeidhm go luath;

DE BHRÍ nach gcoiscfidh forálacha Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach, de bhun Airteagal K.7 den Chonradh sin, comhar níos dlúithe idir dhá Bhallstát nó níos mó a thionscnamh ná a fhorbairt a mhéad nach mbeidh an comhar sin ina shárú ná ina bhac ar an gcomhar dá bhforáiltear i dTeideal VI den Chonradh sin,

DE BHRÍ nach mbeadh an Coinbhinsiún a chur i bhfeidhm go sealadach idir Bhallstáit áirithe den Aontas Eorpach ina shárú ná ina bhac ar an gcomhar dá bhforáiltear i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Chun críocha an Chomhaontaithe seo:

—  ciallaíonn “Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le húsáid theicneolaíocht an eolais chun críocha custaim,

—  ciallaíonn “Ardpháirtithe Conarthacha” na Ballstáit den Aontas Eorpach is páirtithe sa Choinbhinsiún,

—  ciallaíonn “Páirtithe” na Ballstáit den Aontas Eorpach is páirtithe sa Chomhaontú seo.

Airteagal 2

Beidh an Coinbhinsiún infheidhme go sealadach idir na hArdpháirtithe Conarthacha is páirtithe sa Chomhaontú seo amhail ón gcéad lá den tríú mí tar éis don ochtú Ardpháirtí Conarthach a dhéanann amhlaidh ionstraim formheasta, glactha nó daingnithe an Chomhaontaithe seo a thaisceadh.

Airteagal 3

Na forálacha idirthréimhseacha is gá chun an Coinbhinsiún a chur i bhfeidhm go sealadach, déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha sin a mbeidh an Coinbhinsiún infheidhme go sealadach eatarthu iad a ghlacadh de thoil a chéile i gcomhairle leis na hArdpháirtithe Conarthacha eile. Fad atá an cur i bhfeidhm sealadach ann, feidhmeoidh na hArdpháirtithe Conarthacha, ag gníomhú dóibh de thoil a chéile i ndlúthchomhlachas le Coimisiún na gComhphobal Eorpach, feidhmeanna an choiste dá bhforáiltear in Airteagal 16 den Choinbhinsiún. Ní dhéanfar Airteagail 7(3) agus 16 den Choinbhinsiún a chur chun feidhme sa tréimhse sin.

Airteagal 4

1. Beidh an Comhaontú ar oscailt chun a shínithe ag Ballstáit a shíníonn an Coinbhinsiún. Beidh sé faoi réir a fhormheasta, a ghlactha nó a dhaingnithe. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an gcéad lá den tríú mí tar éis don ochtú Ardpháirtí Conarthach a dhéanann amhlaidh a ionstraim formheasta, glactha nó daingnithe a thaisceadh.

2. I gcás Ardpháirtí Conarthach a ionstraim formheasta, glactha nó daingnithe a thaisceadh ar dháta níos déanaí, tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den tríú mí tar éis dó an ionstraim sin a thaisceadh.

3. Taiscfear na hionstraimí formheasta, glactha nó daingnithe le hArdrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Feidhmeoidh sé feidhmeanna an taiscí.

Airteagal 5

Tarraingíodh an Comhaontú seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin; taiscfear é le hArdrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh sé cóip dheimhnithe chuig gach ceann de na Páirtithe.

Airteagal 6

Rachaidh an Comhaontú seo in éag ar theacht i bhfeidhm don Choinbhinsiún.