An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

17.—Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i mír 2—

(i) trí “agus sé mhí” a chur isteach i bhfomhír (a) i ndiaidh “cúig bliana”, agus

(ii) trí “nó don toghlach sin arna athrú de bhua ordaithe faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956” a chur isteach i bhfomhír (b)(ii) i ndiaidh “don toghlach sin”,

(b) i mír 7—

(i) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2):

“(2) Beidh comhalta den Údarás dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé nó sí d'oifig a shealbhú—

(a) má bhreithnítear ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í nó má dhéanann sé nó sí imshocraíocht lena chreidiúnaithe nó lena creidiúnaithe,

(b) má chiontaítear é nó í i gcion indíotáilte i ndáil le cuideachta,

(c) má chiontaítear é nó í i gcion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht, cibé acu is i ndáil le cuideachta é nó nach ea,

(d) má dhéantar ordú ina thaobh nó ina taobh faoi alt 160 d'Acht na gCuideachtaí, 1990,

(e) má tá pianbhreith príosúnachta ar feadh aon téarma is faide ná 6 mhí a ghearr cúirt dlínse inniúla sa Stát á cur isteach aige nó aici,

(f) má scoireann sé nó sí de ghnáthchónaí a bheith air nó uirthi sa Stát,

(g) má chiontaítear é nó í i gcion faoi alt 15, nó

(h) má chiontaítear é nó í i gcion faoi alt 15A.”,

agus

(ii) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (3) agus (4):

“(3) Más rud é, maidir le comhalta (seachas comhalta tofa) den Údarás—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun bheith ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa,

scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Údarás.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is ionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina ionadaí nó ina hionadaí den sórt sin dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta (seachas comhalta tofa) den Údarás.”,

agus

(c) trí “trí aon choiste (arb é atá ann coiste réigiúnach nó coiste eile arna bhunú faoi alt 10A nó an Coiste Meastóireachta) nó trí aon fhochoiste den Údarás” a chur in ionad “trí aon fhochoiste den Údarás” i mír 11.