An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999

Foireann an Údaráis.

10.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 12:

“12.—(1) Déanfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Údaráis (seachas an Príomh-Fheidhmeannach) a chinnfidh sé ó am go ham, agus

(b) gráid na foirne sin a dúradh den Údarás agus an líon foirne i ngach grád díobh a chinneadh.

(2) Is iad na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus le liúntais i leith caiteachas (a n-íocfaidh an tÚdarás iad as airgead a bheidh faoina réir aige) a bheidh ag comhaltaí fhoireann an Údaráis na téarmaí agus na coinníollacha sin a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag an Údarás ar an luach saothair nó ar na liúntais i leith caiteachas a íocfar le comhaltaí a fhoirne nó ar na téarmaí nó na coinníollacha eile ar faoina réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh comhaltaí a fhoirne a bhfostaíocht, beidh aird aige ar threoirlínte Rialtais, nó ar threoirlínte ar a bhfuil comhaontaithe ar bhonn náisiúnta, a bheidh ann de thuras na huaire nó ar bheartas Rialtais i ndáil le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh ann amhlaidh.

(4) Féadfaidh an tÚdarás aon tráth aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis a chur as oifig mar chomhalta dá fhoireann.

(5) Faoi réir fho-alt (2), maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme alt 10 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999, ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Údaráis, leanfaidh sé nó sí, amhail ar an tosach feidhme sin agus dá éis, dá fhostaíocht nó dá fostaíocht leis an Údarás a shealbhú ar na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse ar ar shealbhaigh sé nó sí í roimh an tosach feidhme sin.”.