An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999

Comhaltas an Choiste Meastóireachta.

8.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10B (arna chur isteach leis an Acht seo):

“10C.—(1) Is iad a bheidh ar an gCoiste Meastóireachta cathaoirleach agus 7 gcomhalta eile arna gceapadh ag an Aire.

(2) Beidh cathaoirleach an Údaráis ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gCoiste Meastóireachta.

(3) Is iad na daoine seo a leanas comhaltaí eile an Choiste Meastóireachta:

(a) 3 chomhalta den Údarás a ndéanfaidh na comhaltaí den Údarás a thoghfar faoi Chuid IV den Acht seo iad a ainmniú tar éis gach toghcháin faoin gCuid sin,

(b) an Príomh-Fheidhmeannach nó comhalta d'fhoireann an Údaráis arna ainmniú nó arna hainmniú ag an bPríomh-Fheidhmeannach,

(c) oifigeach don Aire ar státseirbhíseach bunaithe de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, é nó í, agus

(d) ionadaí thar ceann gach comhlachta díobh seo a leanas:

(i) an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire), agus

(ii) Fiontraíocht Éireann,

arna ainmniú nó arna hainmniú ag an gcomhlacht lena mbaineann.

(4) (a) Beidh comhalta den Choiste Meastóireachta i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tAire an tráth a cheapfaidh sé nó sí an comhalta.

(b) Déanfaidh an tÚdarás, as airgead a bheidh faoina réir aige, cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhalta den Choiste Meastóireachta.

(5) Beidh comhaltaí an Choiste Meastóireachta inniúil ar ghnó an Choiste a sheoladh i nGaeilge.”.