An tAcht um an Naoú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1998

Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh alt 6 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh alt 6 den téacs Sacs-Bhéarla.