Europol Act, 1997

FIFTH SCHEDULE

The Text in The Irish Language of the 1996 Protocol

Section 2 .

AN PRÓTACAL

arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le léiriú, trí réamhrialúar an gCoinbhinsiún maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gCoinbhinsiún:

Airteagal 1

Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal seo, chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le hOifig Eorpach Póilíní a bhunú, dá ngairtear ‘Coinbhinsiún Europol’ anseo feasta.

Airteagal 2

1. Féadfaidh aon Bhallstát, trí dhearbhú a dhéanamh tráth sínithe an Phrótacail seo nó aon tráth eile ina dhiaidh sin, glacadh le dlínse Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú ar Choinbhinsiún Europol faoi na coinníollacha atá sonraithe i bpointe (a) de mhír 2 nó i bpointe (b) de mhír 2.

2. Féadfaidh Ballstát a dhéanann dearbhú faoi mhír 1 a shonrú:

(a) go bhféadfaidh aon eheann de chúirteanna nó binsí an Bhallstáit sin nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta in aghaidh a bhreitheanna a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a ardaítear i gcás atá ar feitheamh os a chomhair agus a bhaineann le léiriú ar Choinbhinsiún Europol má mheasann sé gur gá breith ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé breithiúnas a thabhairt;

(b) go bhféadfaidh aon eheann de chúirteanna nó binsí an Bhallstáit sin a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a ardaítear i gcás atá ar feitheamh os a chomhair agus a bhaineann le léiriú ar Choinbhinsiún Europol má mheasann sé gur gá breith ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé breithiúnas a thabhairt.

Airteagal 3

1. Beidh an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais sin infheidhme.

2. I gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, beidh gach Ballstát, bíodh nó ná bíodh dearbhú de bhun Airteagal 2 déanta aige, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scríbhinn a thíolacadh do Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach i gcásanna a thagann chun cinn faoi Airteagal 1.

Airteagal 4

1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscí go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlíonta acu, agus cuirfidh siad in iúl dó freisin aon dearbhú arna dhéanamh de bhun Airteagal 2.

3. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm 90 lá tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an Stát is Ballstát den Aontas Eorpach tráth na Comhairle do ghlacadh an Ghnímh ag dréachtú an Choinbhinsiúin seo is déanaí a dhéanfaidh an beart sin. Ar a shon sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm ar a luaithe san am céanna le Coinbhinsiún Europol.

Airteagal 5

1. Beidh aontachas leis an bPrótacal seo ar oscailt d'aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.

2. Taiscfear na hionstraimí aontachais leis an taiscí.

3. Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Bhallstáit aontaigh, arna bhunú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

4. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm maidir le Ballstát aontach 90 lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse 90 lá thuasluaite a dhul in éag.

Airteagal 6

Aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach agus a aontaíonn do Choinbhinsiún Europol i gcomhréir le hAirteagal 46 de, glacfaidh sé le forálacha an Phrótacail seo.

Airteagal 7

1. Féadfaidh gach Ballstát is Ardpháirtí Conarthach leasuithe ar an bPrótacal seo a mholadh. Cuirfear gach togra do leasú chuig an taiscí agus cuirfidh seisean in iúl don Chomhairle é.

2. Glacfaidh an Chomhairle leasuithe ar an bPrótacal seo agus molfaidh si iad lena nglacadh ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

3. Tiocfaidh na leasuithe arna nglacadh amhlaidh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 4.

Airteagal 8

1. Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscí an Phrótacail seo.

2. Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach fógraí, ionstraimí agus cumarsáidí a bhaineann leis an bPrótacal seo.

Dá fhianú sin, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis an bPrótacal seo.

Arna dhéanamh i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.

(Sínithe na Lánchumhachtach)