I.R. Uimh. 230/1995 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1995.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 25 (1) den Acht Staidrimh, 1993 (Uimh. 21 de 1993), agus leis an Ordú Staidrimh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) (Uimh. 2), 1995, (I.R. Uimh. de 1995), ordaímse, SÉAMUS Ó hUIGINN, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo mar a leanas:

1. (1) An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1995, is teideal don Ordú seo.

(2) Tiocfaidh an tOrdú seo i ngníomh an 23 ú lá de Lunasa, 1995, agus rachaidh sé in éag an 22ú lá de Lunasa, 2000.

2. Baineann an tOrdú le gach gnóthas, seachas údaráis áitiúla, atá aicmithe chun críocha staidrimh faoi Roinn F de NACE Rev. 1 (atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 an 9 Deireadh Fómhair, 1990, ón gComhaire1, arna leasú le Rialachán (CEE) Uimh. 761/93 an 24 Márta, 1993, ón gCoimisiún2), agus atá nó a bhí ag gabhaíl do ghníomhaíochtaí foirgníochta nó tógála, do cheirdeanna gaolmhara nó do ghníomhaíochtaí eile den chineál céanna aon tráth le linn bliana a ndéantar suirbhé dá dtgraítear in Airteagal 3 ina leith.

3. Déanfar an tEolas a shonraítear in Airteagal 4 den Ordú seo a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh I bhfoirm staidrimh de bhun suirbhéanna (a seolfar an chéad cheann acu sa bhliain 1995) arna ndéanamh ag an Príomh-Oifig Staidrimh ag eatraimh nach fáide ná 12 mhí agus tabharfar é de réir treoracha faoi alt 26 den Acht Staidrimh, 1993 (Uimh. 21 de 1993)

4. Ceanglaítear leis seo ar ghnóthar lena mbaineann an tOrdú seo eolas a thabhairt don Phríomh-Oifig Saidrimh ar eolas é a bhaineann lena ghníomhaíochtaí foirgníochta agus tógála agus, go háirthe, déanfaidh sé an t-eolas a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a thabhairt amhlaidh.

1 I.O. Uimh. L293, 24.10.1990, 1.1

2 I.O. Uimh. L83, 3.4.1993, 1.1

AN SCEIDEAL

1. Sonraí an Fhiontair.

(a) Tuairisc ar an bpríomh-chineál oibre a dhéantar.

(b) (i) Aimn dlíthiúil an fhiontair, agus

(ii) ainm trádála (murab ionann).

2. An bhliain chuntasaíochta lena mbaineann an tuairisceán.

3. Athruithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta.

Méaduithe agus laghduithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(a) Gléasra, innealra agus trealamh (gan feithiclí a áireamh) a suiteáladh.

(b) Feithiclí.

(c) Obair fhoirgníochta agus tógála a rinne fostaithe an fhiontair.

(d) Foirgnimh chríochnaithe.

(e) Talamh (nár tógadh air).

(f) Na sócnhainní caipitiúla dochta go léir eile.

4. Stoic agus Obair ar Siúl.

Lauch na stoc agus na hoibre ar siúl i dtús agus i ndeireadh na bliana agus i dirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(a) Stoic d'abhair, comhpháirteanna agus breoslaí.

(b) Obhair ar siúl.

(c) Stoic d'earraí críochnaithe a rinne an fiontar agus a bhí ullamh chun a ndíola.

(d) Stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuil-leadh próiseála.

5. Láimhdeachas.

Láimhdeachas iomlán an fhiontair i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatathu seo a leanas:

(a) Obair rinneadh mar phríomh-chonraitheoir (lena n-áirítear obair a rinne fochonraitheoirí don fhiontar) agus idirdhealú a dhéanamh idir obair fhoirgíochta agus obair thógála eile.

(b) Obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

(c) Earraí a tháirg an fiontar agus

(i) a díoladh i rith na bliana nó

(ii) a cuireadh le stoic i ndeireadh na bliana.

(d) Earraí athdhíoladh gan tuilleadh próiseála.

(e) Gach mír eile láimhdeachais.

6. Ceannach Ábhar, Breoslaí agus Leictreachais.

Sonraí i dtaobh chostas na n-ábhar, na mbreoslaí agus an leictreachais uile a ceannaíodh.

7. Íocaíochtaí le Fochonraitheoirí i rith na bliana.

Íocaíochtaí ar obair a rinneadh don fhiontar ag gnólachtaí eile ar chonarthaí eile a foligeadh chucu i ndáil leis an obair a n-éilítear ina taobh faoi mhír 5 den Sceideal seo agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(a) Íocaíochtaí ar obair a rinne daoine a bhí ag obair de réir fochonartha saothair amháin; agus

(b) Íocaíochtaí as obair a rinne gach fochonraitheir eile.

8. Earraí Eile agus Seirbhísí a Ceannaíodh.

Earraí eile agus seirbhísí a ceannaíodh agus idirdhealú a dhéanamh eatathu seo a leanas:

(a) Seirbhísí tionsclaíocha a soláthraíodh don fhiontar ag daoine eile.

(b) Earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

(c) Gléasra, innealra, scafall trealamh agus feithiclí a fhruiliú agus a léasú.

(d) Cíos a íocadh ar áitribh.

(e) Préimheanna árachais a íocadh a ghléasra, ar fheithiclí agus a áitribh.

(f) Muirir bhainc (gan muirir úis a áireamh).

(g) Na hearraí agus na seirbhísí neamhthionscail go léir eile (gan díluacháil ná drochfhiacha a áireamh).

9. Cánacha Indíreacha.

(a) Cáin bhreisluacha:

(i) CBL ar láimhdeachas iomlán an fhiontair,

(ii) CBL inasbhainte nó inghnóthaithe a d'íoc an fiontar, nó is iníoctha aige, ar a cheannacháin (lena n-áirítear CBL a íocadh ar allmhairí ag an tráth taifeadta):

— d'Earraí agus Seirbhísí

— de Shócmhainní caipitúla

(b) Cánacha indíreacha eile:

(i) Dleacht mháil (intíre) a íocadh nó is iníoctha.

(ii) Cánacha indíreacha eile a íocadh nó is iníoctha.

10. Fostaíocht agus Oltuilleamh.

(a) Maidir le suirbhé arna dhéanamh i rith na bliana 1995, an líon daoine ag obair iarbhír nó as láthair go sealadach i rith na seachtaine pá dar chríoch an 10 Meán Fómhair, 1994, nó ar an dáta ionadaitheach is gaire, nó, maidir le suirbhéanna ina dhiadh sin, an tseachtain phá dar críoch an dáta comhfhreagrach sa bhliain ina ndéantar an suirbhé iomchuí,

(i) Dílseánaigh agus baill den teaghlach ag obair san fhiontar agus nach n-íoctar pá nó tuarastal seasta leo,

(ii) Foireann bhainisteoireachta agus theicniúil agus foireann eile ar tuarastal (lena n-áiritear stiúrthóirí oibre),

(iii) Foireann chléireachais agus foireann eile oifige:

—fir

—mná

(iv) Buinfhoireann mhaoirseachta (lena n-áirítear saoistí agus maoir).

(v) Oibrithe oilte.

(vi) Printísigh.

(vii) Oibrithe neamhoilte nó breacoilte:

— ar rátái pá aosach

— ar rátái pá ógánach

(viii) Daoine a bhí ag obair de réir fochonartha "saothar amháin".

(b) Méid iomlán an olltuillimh a íocadh i rith na bliana, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(i) Foireann bhainisteoireachta agus chléireachais; agus

(ii) Foireann mhaoirseachta agus oibrithe.

11. Costais eile saothair.

Méid na muirear nó na gcostas a d'íoc an fiontar i rith na bliana i leith na bhfostaithe uile mar gheall ar:

(a) Ranníocaí fostóra leis an scéim árachais shóisialaigh phá-choibhneasa,

(b) Íocaíochtaí iomarcaíochta,

(c) Costais oiliúna,

(d) Ranníocaí fostóirí le cistí aoisliúntas agus scéimeanna pinsin eile,

(e) Préimheanna árachais a íocadh thar ceann fostaithe le haghaidh tinnis nó gortú,

(f) Íocaíochtaí comhchineáil le fostaithe agus costais shóisialta eile.

ARNA THABHAIRT faoi mo Láimh, an 23ú lá seo de Lúnasa, 1995.

SÉAMUS Ó hUIGINN,

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

CUID II

Foirmeacha atá le húsáid ag bailú an Staidrimh.

_________________________________________________________________________________

Do ghnóthais a n-éilítear an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí, a fhorordaítear sa chuid thíosluaite den Sceideal seo, ina dtaobh:

_________________________________________________________________________________

ARNA THABHAIRT faoi mo Láimh, an 23ú lá seo de Lúnasa, 1995.

SÉAMUS Ó hUIGINN,

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh

NÓTA MÍNIÚCHÁIN

Is é cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil do na bliana 1994 go dtí 1999, míniú a thabhairt ar réimse an Mhóráirimh agus a cheangal tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Straidrimh i dtaobh na gnóthas uile ar eisíodh na foirmeacha forodaithe ina leith.