I.R. Uimh. 67/1993 -An tOrdú Staidrimh (Táirgeadh Earraí Tionscail), 1993.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949) agus leis an Ordú Staidrimh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1993 (I.R. Uimh. 41 de 1993), ordaímse, NOLLAIG Ó DIOMASAIGH, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Staidrimh (Táirgeadh Earraí Tionscail), 1993, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo leis na gnóthais atá ag gabháil do na tionscail, na ceirdeanna agus na gnóthaí a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo.

4. Baileofar staidreamh (Dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo) gach bliain, ag tosú sa bhliain dar tús an lú lá d'Eanáir 1993, i leith na bliana roimhe sin, i dtaobh na nithe ar leighligh a shonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo agus maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo.

5. Maidir leis an bhfoirm a úsáidtear chun an staidreamh a bhailiú, beidh sé i bhfoirm treorach scríofa ag iarraidh eolais maidir leis na nithe a shonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo agus tabharfar an t-eolas tríd an bhfoirm a chuirfear ar fáil a líonadh isteach nó a chomnhlánú ar shlí eile nó tríd an eolas a thabhairt i bhfoirm den tsamhail chéanna.

6. Is é an duine a sheolann an gnóthas, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8 den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas chun críche an staidrimh maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL

CUID 1

TIONSCAIL, CEIRDEANNA AGUS GNÓTHAÍ

Mianraí nach dtáirgeann fuinneamh:

Mianraí nach dtáirgeann fuinneamh agus táirgí díobh a astarraingt agus a phróiseáil agus sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis an gcéanna (lena n-áiritear ullmhú láithreán).

Tionscail déantúsaíochta:

Substaintí, idir orgánach agus neamhorgánach, a chlaochlú go meicniúil nó go ceimiciúil ina dtáirgí nua, mar aon leis an obair dheisiúcháin atá gaolmhar leis sin agus cóimeáil comhpháirteanna de tháirgí monaraithe.

CUID II

ÁBHAR AN EOLAIS ATÁ LE BAILIÚ

(1) Sonraí faoin ngnóthas lena mbaineann an tuairisceán.

( a ) ainm an ghnóthais agus seoladh oifige cláraithe nó príomháite gnó sa Stát,

( b ) ainm gnó nó trádala (murab ionann agus (a)),

( c ) stádas dlíthiúil an ghnóthais (i. c. cuideachta theoranta, comhpháirtíocht etc.),

( d ) tuairisc ar na gníomhaíochtaí a sheoltar,

( e ) suíomh na húinéireachta,

( f ) an suíomh rialaithe margaíochta,

( g ) más craobh-áitreabh, aimn agus seoladh cheanncheathrú an ghnóthais,

( h ) an bhliain a thosaigh an gnóthas ag táirgeadh sa Stát,

( i ) an líon daoine atá fostaithe sa ghnóthas,

( j ) an bhliain chuntasaíochta lena mbaineann an tuairisceán.

(2) Sonraí faoi luach stoic an ghnóthais ag tús agus ag deireadh na tréimhse lena mbaineann.

(3) Sonraí faoi chainníocht agus luach na táirgeachta a shonraisc an gnóthas i rith na bliana; arna dhí-chomhiomlánú ag leibhhéal sonraithe táirge agus idirdhealú á dhéanamh idir táirgeacht arna déanamh mar sheirbhís tionscail (táirgí a táirgeadh ar coimisiún) agus táirgeacht eile.

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh, an 9ú lá seo de Márta, 1993.

NOLLAIG Ó DÍOMASAIGH,

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Is é cuspóir na hIonstraime seo a chumasú fiosrúchán bliantúil a dhéanamh faoi Tháirgeadh Earraí Tionscail. Tuairiscítear inti scóip agus ábhar an fhiosrúcháin agus na daoine a mbeidh tuairisceáin le thabhairt acu.