I.R. Uimh. 47/1993 -Ordú naGaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1993.
Ar iarratas ón Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas: 1. Ordú na Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1993, is teideal don Ordú seo. 2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta a thugtar dó de réir na nAchtanna nó faoi na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a tharmligean chun Pádraig Ó Gallchóir Cope, Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. | ||
| ||
| ||
AN SCEIDEAL | ||
Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1979. | ||
An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956). | ||
An tAcht um Bord na Gaeilge, 1978 (Uimh. 14 de 1978). | ||
Na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1989. | ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 9 lá seo de | ||
Feabhra, 1993. | ||
ALBERT REYNOLDS, | ||
Taoiseach. | ||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN. | ||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é). | ||
Déantar cumhachtaí agus dualgais shonraithe an Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta a tharmligean leis an Ordú seo chun an Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. |