An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1993

Airleacain don Údarás.

3.—(1) Ní bheidh aon airleacan a tugadh don Údarás faoi alt 23 den Phríomh-Acht roimh thosach feidhme an Achta seo inaisíoctha ná ní bheidh ús iníoctha air.

(2) Ní bheidh aon airleacan a tugadh do Ghaeltarra Éireann faoi na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977, tar éis an lú lé d'Aibreán, 1965, inaisíoctha ná ní bheidh ús iníoctha air.

(3) Aisghairtear leis seo fo-alt (1), míreanna (a) agus (c) d'fho-alt (2) agus fo-ailt (3) agus (4) den alt sin 23.