An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1993

Deontais don Údarás.

2.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 22:

"22.—I ngach bliain airgeadais féadfaidh an tAire deontas nó deontais, ina mbeidh cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun a chumasú don Údarás aon chaiteachas a íoc a thabhóidh sé le linn a fheidhmeanna a chomhlíonadh.".