I.R. Uimh. 231/1992 -An tOrdú Staidrimh (Fiosrúcháin Faoi Sheirbhísí), 1992.


De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ordaímse, ALBERT MAC RAGHNAILL, Taoiseach, leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Staidrimh (Fiosrúcháin faoi Sheirbhísí), 1992, is teideal dom ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le sampla d'fhiontair a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí a sholáthar arna roghnú chun sonraí trádála a chur ar fáil i leith na bliana 1991.

4. Déanfar eolas maidir leis na fiontair lena mbaineann an t-ordú seo a bhailiú sa bhliain 1992 i leith na bliana 1991 i dtaobh na n-ábhar éagsúil atá leagtha amach sa sceideal a ghabhann leis an ordú seo.

5. Is é an duine a thabharfaidh an t-eolas a éileofar i leith aon fhiontair lena mbaineann an tOrdú seo, an duine a bheidh ag seoladh an fhiontair agus ar a ndéanfar éileamh leordhóthanach faoi alt 8 den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus is é a chuirfidh an t-eolas sin ar ais de réir na dtreoracha atá san fhoirm atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo.

AN SCEIDEAL

FIOSRÚCHÁIN BHLIANTÚLA FAOI SHEIRBHÍSÍ 1991

AN tORDÚ STAIDRIMH (FIOSRÚCHÁIN FAOI SHEIRBHÍSÍ), 1992, I.R. UIMH.

Is ceart d'úinéir, do stíurthóir nó do bhainisteoir an fhiontair lena mbaineann an fhoirm seo a chomhlánú i leith gníomhaíochtaí gnó laistigh den Stát chun go mbeidh meastacháin ar fáil faoin ngníomhaíocht trádála iomlán sna mórearnálacha seirbhísí.

Is ceart an fhoirm agus í comhlánaithe go cuí, a chur ar ais go dtí an Stiúrthóir, an Phríomh-Oifig Staidrimh, Baile Átha Cliaht 6, laistigh de thrí sheachtain tar éis í a fháil.

SONRAÍ TRÁDÁLA — SONRAÍ DON BHLIAIN 1991

RÉIM

Is ceart go n-áireofar san foirm seo gach gníomhaíocht a bhíonn á seoladh ag an bhfiontar (ag an gcuideachta) i ngach áit sa Stát.

1. Tuairisc an Ghnó

( a ) Tabhair an oiread sonraí is féidir faoin ngnó atá á sheoladh

............................................................ ............................................................ .................................................

............................................................ ............................................................ .................................................

............................................................ ............................................................ .................................................

............................................................ ............................................................ .................................................

............................................................ ............................................................ .................................................

............................................................ ............................................................ .................................................

( b ) Liostaigh in ord a dtábhachta na príomhchinéalacha earraí agus seirbhísí a bhíonn a soláthar

Earraí nó Seirbhís

Láimhdeachas % nó £

Earraí nó Seirbhís

Láimhdeachas % nó £

1 ú ..................................

...................................3 ú

....................................

..............................

2 ú...................................

...................................4 ú

...................................

..............................

2. An Bhliain lena mbaineann na sonraí a thugtar thall (bliain féilire 1991 nó an bhliain chuntasaíochta is gaire)

Bliain

Oifig

Ó

Bl.

Go

3. Láimhdeachas 1991 (gan CBL a áireamh)

£ (fág pinginí ar lâr

(1) Miondíol earraí

— i.e. leis an ngnáthphobal

(2) Mórdhíol earraí

—i.e.le gnóthaí elei lena náirítear soláthairtí talmhaíochta d'fheirmeoirí ...

(3) Láimhdeachas eile

—i.e. seirbhísí a soláthraíodh (e.g. béilí a riaradh, coimisiún ar thicéid crannchuir, deisiúcháin ) agus fáltais eile

LÁIMHDEACHAS IOMLÁN (gan CBL a áireamh) ... ...

an chuid de sin is láimhdeachas i leith earraí arna monarú ag an bhfiontar féin ... ...

CBL arna muirearú ar an Láimhdeachas Iomlán

4. Earraíagus seirbhísí a ceannaíodh i (gan CBL inasbhainte a áireamh)

(1.a) Earraí le hathdhíol go díreach Airigh —stoc trádála, páirteanna le haghaidh earraí custaiméirí a dheisiú etc. ... ...

(1.b) Earraí agus Seirbhísí eile (gan Sócmhainní Caipitiúla a áireamh)

(Áirigh— earra í le próiseáil tuilleadh, ábhair phacáistithe, cíos, árachas, breoslái, leictreachas, billí teileafóin, obair fhochonartha etc.) ... ... ...

(2) CBL inasbhainte a íocadh ar na ceannacháin sin ... ...

5. Stoic (gan CBL a áireamh) Luach Iomlán (na stoc earrái amhail chun críocha cuntasaíochta)

/images/si231y92p0004.gif

Tosach na Bliana

Deireadh na Bliana

6. Arthruithe i sócmhainní caipitiúla (Áirigh sócmhainní a ceannaíodh glan amach nó a fuarthas trí fhruilcheannach nó léasú airgeadais gan CBL inasbhainte a áireamh)

(1) Luach na sócmhainní a fuarthas i rith na bliana... ...

(2) Luach na sócmhainní a diúscraíodh i rith na bliana ....

7. Pá agus Tuarastail

Pá agus Tuarastail a íocadh le fostaithe (áirigh liúntais, bónais, coimisiúin, etc.) ... ...

8. Na daoine a bhí ag gabháil don fhiontar i rith na seachtaine dar chríoch 21 Méan Fómhair, 1991

An líon Daoine

(1) Úinéir (í) agus daoine den teaghlach nach raibhpá/tuarastal rialta á íoc leo ... ... ...

(2) Fostaithe (i.e. daoine a raibh pá nó tuarastal á íoc leo

/images/si231y92p0005a.gif

Lánaimseartha

Páirtaimseartha

Deimhniú

Dearbháimse, leis seo, go bhfuil na sonraí a thugtar thuas iomlán agus cruinn de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim

Síniú ............................................................ ...........................................................

Teileafón .......................

Stádas sa ghnó ............................................................ .............................................

(Úinéir, Stiúrthoir, Bainisteoir)

Dáta  ......................

/images/si231y92p0005a.gif

thuasluaite

Is ceart fiosruithe a chur chuig an duine (/images/si231y92p0005b.gif)

thíosluaite

Ainm ............................................................ ..........................................................

(BLOCLITREACHA)

Teileafón ......................

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an 31ú lá seo de Iúil 1992.

ALBERT MAC RAGHNAILL,

Taoiseach.

NÓTA MÍNÍUCHÁIN.

Is é cuspóir na hionstraime seo a chumasú fiosrúcháin shamplacha a chur ar bun maidir le, gnólachtaí a bhfuil baint acu leis an earnáil Seirbhísí, i leith na bliana 1991 agus a cheangal go ndéanfar tuairisceáin ó ghnólachtaí samplaithe a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh.