I.R. Uimh. 288/1991 -An tOrdú Staidrimh (Comhardú Áocaíochtaí), 1991.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ordaíonn An Taoiseach leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Staidrimh (Comhardú Íocaíochtaí), 1991, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. San Ordú seo—

ciallaíonn "staidreamh um chomhardú íocaíochtaí" staidreamh i leith an ábhair a shonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo;

ciallaíonn "cónaitheoir"—

(a) aon duine sa Stát a bhfuil cónaí air, nó a bheartaíonn cónaí a dhéanamh, sa Stát ar feadh tréimhse bliana ar a laghad,

(b) aon duine a bhfuil a oifig chláraithe suite sa Stát, agus

(c) aon duine a sheolann gnó ag ionad sa Stát, i leith na ngníomhaíochtaí a mbítear ag gabháil dóibh ag an ionad sin;

ciallaíonn "neamhchónaitheoir" aon duine nach dtagann faoi réim na tuairisce ar chónaitheoir.

4. Baineann an tOrdú seo le gach duine a ghabhann d'aon ghnóthas lena mbaineann gach ceann nó aon cheann de na hidirbhearta a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo.

5. Déanfar staidreamh um chomhardú íocaíochtaí i ndáil leis na daoine lena mbaineann an tOrdú seo a bhailiú don bhlain 1990 agus ina dhiaidh sin do thréimhsí ráithiúila, leathbhliantúla agus bliantúla.

6. Is é an duine a mbeidh tuairisceáin agus eolas le tabhairt aige i leith staidrimh um chomhardú íocaíochtaí aon duine ar a ndéanfar leoréilearnh faoi alt 8 den Acht Staitistíochta, 1926.

7. Beidh an t-éleamh atá le tabhairt nó le seirbheáil faoi alt 8 den Acht Staitistíochta, 1926, i bhfoirm treorach scríofa ina n-iarrfar eolas iomchuí i leith idirbheart den chineál a shonráitear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo agus ina n-iarrfar eolas den chineál a shonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo agus féadfar an t-eolas a chur ar fáil trí spásanna iomchuí a chomhlánú ar an treoir a chuirfear an fáil de bhun an Ordaithe seo, nó tríd an eolas sin a leagan amach ar shlí eile chlóite nó scríofa.

AN SCEIDEAL.

CUID I.

Idirbhearta

(a) Earraí, seirbhísí nó ionstraimí airgeadais a sholáthar do neamhchónaitheoir;

(b) Earraí, seirbhísí nó ionstraimí airgeadais a fháil ó neamhchónaitheoir;

(c) Éileamh airgeadais ar neamhchónaitheoir a fháil nó a dhiúscairt;

(d) Dliteanas airgeadais ar neamhchónaitheoir a thabhú nó a fhuascailt.

CUID II.

Ábhar an eolais atá le bailiú.

(a) Soraí faoi shealúchas scaireanna sa ghnóthas nó faoi úinéireacht air:

(b) Soraí faoi shealúchas scaireanna in aon ghnóthais eile nó faoi úinéireacht orthu ag an duine a bhfuil suirbhé á dhéanamh ina leith:

(c) Sonraí faoi luach na n-earraí, na seirbhísí agus na n-ionstraimí airgeadais a sholáthair duine do neamhchónaitheoirí sa tréimhse lena mbaineann;

(d) Sonraí faoi luach na n-earraí, na seirbhísí agus na n-ionstraimí airgeadais a fuair duine ó neamhchónaitheoirí sa tréimhse lena mbaineann;

(e) Sonraí faoi luach na n-idirbheart i ndáil le héilimh airgeadais ar neamhchónaitheoirí ar ghabh duine dóibh i rith na tréimhse lena mbaineann;

(f) Sonraí faoi luach na n-idirbheart i leith dliteanas airgeadais ar neamhchónaitheoirí ar ghabh an duine dóibh i rith na tréimhse lena mbaineann;

(g) Sonraí faoi luach na n-éileamh airgeadais ar neamhchónaitheoirí a bhí ina sheilbh ag duine ag tús agus ag deireadh na tréimhse lena mbaineann; agus

(h) Sonraí faoi luach na ndliteanas airgeadais ar neamhchónaitheoirí a bhí ina sheilbh ag duine ag tús agus ag deireadh na tréimhse lena mbaineann.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an 25ú lá seo de Samhain, 1991.

CATHAL Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

Is é is cuspóir don ionstraim seo a chumasú suirbhéithe reachtúla um Chornhardú Íocaíochtaí a dhéanamh. Tuairiscítear léi réim agus ábhar na suirbhéithe agus na daoine a mbeidh tuairisceáin le tabhairt acu.