I.R. Uimh. 62/1991 -An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 1991.


De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le hailt 11 agus 16 den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú); 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ordaímse, CATHAL S. Ó hEOCHAIDH, Taoiseach, leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 1991, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. San Ordú seo—

ciallaíonn "an tAcht" an tAcht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926);

ciallaíonn "an Staidreamh" an staidreamh a shonraítear in Airteagal 4 den Ordú seo.

4. Baileofar staidreamh arb iad seo a leanas is ábhar, cineál agus gné dó, is é sin le rá:

(a) Daonra;

(b) Ainm, gnéas agus an dáta a rugadh;

(c) Staid maidir le pósadh, gaol leis an gceann teaghlaigh;

(d) An áit a rugadh;

(e) Creideamh;

(f) Eolas ar an nGaeilge;

(g) Gnátháit chónaithe agus gnátháit chónaithe bliain roimh an 21ú lá d'Aibreán, 1991;

(h) An tír ina raibh an áit chónaithe dheireanach roimhe sin agus an bhliain a ndeachthas chun cónaithe sa Stát;

(i) gnáthchóir thaistil ón áit chónaithe chun an ionaid oibre nó chun scoile agus fad an aistir;

(j) An aois ar scoireadh den oideachas lánaimseartha agus an leibhéal oideachais is airde a críochnaíodh;

(k) Na cáilíochtaí eolaíochta nó teicneolaíochta atá ag an duine;

(l) Stádas faoi láthair, slí bheatha faoi láthair, stádas fostaíochta faoi láthair, fostóir faoi láthair agus gnó an fhostóra sin;

(m) Seoladh an ionaid oibre, na scoile nó an choláiste;

(n) Baint le feirmeoireacht;

(o) I gcás teaghlaigh príobháideacha — an sórt áitíochta, an cíos, an méid seomraí a áitítear, aois an fhoirgnimh, an cineál soláthair uisce, sonraí ar sheomra folctha agus ar áiseanna sláintíochta, an cineál téamh agus an líon gluaisteán a úsáidtear go heisiach ag daoine a mbíonn gnáthchónaí orthu sa teaghlach;

amhail oíche Dé Domhnaigh, an 21ú lá d'Aibreán, 1991, agus an mhaidin dár gcionn.

5. Is iad seo a leanas na daoine, nó na haicmí daoine, a mbeidh orthu tuairisceáin nó faisnéis a thabhairt chun críche an staidrimh, is é sin le rá:

(a) ceann teaghlaigh phríobháidigh nó an duine eile atá ag gníomhú mar cheann teaghlaigh phríobháidigh;

(b) an duine atá i bhfeighil forais, mar atá, óstán, club, teach aíochta, brú, teach iostais, teach lóistín, scoil chónaithe, coláiste, clochar, mainistir, beairic, príosún, ospidéal, teaghlach contae, teach banaltrais, nó aon bhunaíocht eile d'aon saghas;

( c ) an máistir nó an duine eile atá i bhfeighil árthaigh in aon chuan, calafort, bá, góilín, nó ar aon loch, abhainn nó canáil nó in aon áit eile ar uiscí laistigh de dhlínse an Stáit;

( d ) daoine aonair.

6. (1) Tabharfar tuairisceáin agus faisnéis agus baileofar an staidreamh ar an modh a thuairiscítear sna foirmeacha atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo.

(2) Is daoine a cheapfar faoin Ordú seo chun bheith ina n-oifigigh staidrimh a dhéanfaidh an staidreamh a bhailiú, a fhíorú agus a choimriú agus beidh gach duine a cheapfar amhlaidh ceaptha agus aitheanta mar Oifigeach Ceangail Daonáirimh, mar Mhaoirseoir Réigiúin Daonáirimh, mar Mhaoirseoir Seachtrach Daonáirimh nó mar Áiritheoir Daonáirimh, de réir mar a bheidh.

7. (1) Féadfaidh Coimisinéir an Gharda Síochána cibé daoine agus cibé líon daoine (is comhaltaí den Gharda Síochána) is oiriúnach leis a cheapadh mar oifigigh staidrimh chun críocha an Ordaithe seo agus féadfar ceapadh daoine faoin mír seo a dhéanamh faoina n-ainmneacha nó faoi theideal a gcéime nó i cibé slí idirdhealaitheach eile is oiriúnach leis an gCoimisinéir sin.

(2) Tabharfar do gach duine a cheapfar faoin mír seo deimhniú i scríbhinn a bheidh sínithe ag Ceannfort den Gharda Síochána, á dheimhniú go bhfuil an duine sin ag gníomhú mar oifigeach staidrimh chun críocha an Ordaithe seo.

8. (1) Féadfaidh an Taoiseach cibé daoine agus cibé líon daoine is oiriúnach leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh staidrimh chun críocha an Ordaithe seo, agus féadfar ceapadh daoine faoin mír seo a dhéanamh faoina n-ainmneacha nó i cibé slí idirdhealaitheach is oiriúnach leis an Taoiseach.

(2) Is san fhoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a bheidh an ceapachán a cheanglaítear a thabhairt faoin Acht do dhuine a cheapfar faoin mír seo agus beidh sé sínithe de réir cheanglais an Achta.

9. Úsáidfear na foirmeacha atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo chun an staidreamh a bhailiú.

10. Ní bheidh feidhm ag an Ordú um Oifigigh Staitistíochta (Ceapachán), 1926, maidir le ceapadh daoine mar oifigigh staidrimh chun críocha an Ordaithe seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

I. Foirm A—Daonáireamh na hÉireann, 1991.

Form A—Census of Population of Ireland, 1991.

II. Foirm A(P)—Daonáireamh na hÉireann, 1991.

Form A(P)—Census of Population of Ireland, 1991.

CUID II.

An tAcht Staitistíochta, 1926.

An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 1991

Daonáireamh na hÉireann, 1991:

Lá an Daonáirimh — Dé Domhnaigh, 21 Aibreán, 1991.

Tá.......................................ceaptha mar oifigeach staidrimh de bhun an Achta sin thuas agus an Ordaithe sin agus Oifigeach Ceangail Daonáirimh/Maoirseoir Réigiúin Daonáirimh/Maoirseoir Seachtrach Daonáirimh/Áiritheoir Daonáirimh a ghairfear dó/di i ndáil le bailiú an staidrimh a shonraítear san Ordú sin.

Síniú............................................................ .............................

Grád............................................................ .............................

Síniú an

Oifigigh Staidrimh

An Phríomh-Oifig Staidrimh

.........................................................

............................................................ ............................ 1991

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an 21 lá seo de Márta, 1991.

CATHAL S. Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Daonáireamh reachtúil a dhéanamh an 21 Aibreán, 1991, scóip an Daonáirimh a shainmhíniú agus na foirmeacha a úsáidfear agus na daoine, nó na haicmí daoine, a mbeidh orthu tuairisceáin nó eolas a thabhairt chun críche an Daonáirimh, a fhorordú.