I.R. Uimh. 328/1990 -Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i Leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1990.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 53 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930), agus le ceadú an Aire Airgeadais, déanaimse, MÁIRE O'RUAIRC, Aire Oideachais, leis seo, na Rialacháin seo a leanas:—

1. Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1990, is teideal do na Rialacháin seo.

2. Sna Rialacháin seo:

ciallaíonn "an tAcht" an tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930, (Uimh. 29 de 1930);

ciallaíonn "an tAire" an tAire Oideachais;

ciallaíonn "coiste" coiste gairmoideachais;

ciallaíonn "limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath" an limistéar gairmoideachais arb é contea-bhuirg Bhaile Átha Cliath é;

ciallaíonn "limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire" an limistéar gairmoideachais arb é buirg Dhún Laoghaire é.

3. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis na Rialacháin seo.

4. Má bhíonn sa bhliain airgeadais dar tosach an 1ú lá d'Eanair, 1990, an ranníoc áitiúl bliantúil a íocfaidh údarás ráthúcháin le coiste níos mó d'aon suim (dá ngairtear "ab barrachas ranníoca" sna Rialacháin seo) ná dliteanas bliantúil íosta an údaráis rátúcháin sin i leith an choiste sin, féadfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais sin, deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Breise), a thabhairt don choiste sin, faoi alt 53 Acht, arb é a bheith ann:—

(a) suim is comhionann le ceithre oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste de limistéar gairmoideachais buirge (seachas limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath) nó do limistéar gairmoideachais ceantair uirbigh (seachas limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire), nó

(b) suim is comhionann le dhá oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath nó do limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire, nó

(c) suim is comhionann leis an mbarrachas ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais contae.

5. I gcás na bliana airgeadais dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1990, féadfaidh an tAire, i dteannta an Deontais Bhreise, na deontais seo a leanas a thabhairt faoi alt 53 den Acht"—

(1) do Choiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí suim nach mó ná £4,306,607.

(2) do Choiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath suim nach mó ná £18,647,193.

(3) do Choiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh suim nach mó ná £2,888,808.

(4) do Choiste Gairmoideachais Chathair Phort Láirge suim nach mó ná £1,746,756.

(5) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Bhré suim nach mó ná £1,136,774.

(6) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Dhroichead Átha suim nach mó ná £1,857,367.

(7) do Choiste Gairmoideachais Bhuirg Dhún Laoghaire suim nach mó ná £1,998,037.

(8) do Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe suim nach mó ná £1,694,452.

(9) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Shligigh suim nach mó ná £639,535.

(10) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Thrá Lí suim nach mó ná £1,112,331.

(11) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Loch Garman suim nach mó ná £1,092,430.

(12) do Choiste Gairmoideachais Chontae Cheatharlach suim nach mó ná £1,784,623.

(13) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chabháin suim nach mó ná £2,134,721.

(14) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chláir suim nach mó ná £3,592,085.

(15) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí suim nach mó ná £10,159,226.

(16) do Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall suim nach mó ná £4,888,479.

(17) do Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath suim nach mó ná £11,981,752.

(18) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe suim nach mó ná £5,125,458.

(19) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chiarraí suim nach mó ná £4,259,968.

(20) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara suim nach mó ná £4,647,361.

(21) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Chainnigh suim nach mó ná £2,982,228.

(22) do Choiste Gairmoideachais Chontae Laoise suim nach mó ná £2,028,234.

(23) do Choiste Gairmoideachais Chontae Liatroma suim nach mó ná £1,990,330.

(24) do Choiste Gairmoideachais Chontae Luimnigh suim nach mó ná £2,991,142.

(25) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Longfoirt suim nach mó ná £1,972,834.

(26) do Choiste Gairmoideachais Chontae Lú suim nach mó ná £2,070,810.

(27) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhaigh Eo suim nach mó ná £4,421,332.

(28) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Mí suim nach mó ná £3,806,683.

(29) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhuineacháin suim nach mó ná £2,639,658.

(30) do Choiste Gairmoideachais Chontae Uíbh Fhailí suim nach mó ná £3,331,607.

(31) do Choiste Gairmoideachais Chontae Ros Comáin suim nach mó ná £1,775,207.

(32) do Choiste Gairmoideachais Chontae Shligigh suim nach mó ná £1,691,206.

(33) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid Árann (An Trian Thuaidh) suim nach mó ná £3,245,320.

(34) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid Árann (An Trian Theas) suim nach mó ná £3,129,998.

(35) do Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge suim nach mó ná £936,862.

(36) do Choiste Gairmoideachais Chontae na hIarmhí suim nach mó ná £3,111,529.

(37) do Choiste Gairmoideachais Chontae Loch Gorman suim nach mó ná £3,383,431.

(38) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Mhantáin suim nach mó ná £3,284,010.

dá ngairfear agus ar a dtabharfar i ngach cás Deontas Speisialta.

6. Chun críche aon ríomh a bheidh á dhéanamh de réir na Rialacháin seo:—

(a) ní thabharfar aird a fhorálacha reachtúla speisialta i dtaobh measúnú éagsúil a dhéanamh ar shaghsanna áirithe maoine nó ar chodanna ar leith de limistéar údaráis rátúcháin;

(b) ní gá aird a thabhairt ar aon chodán de phunt is comhionann le caoga pingin nua nó is lú ná sin agus féadfar gach codán eile den sórt sin a áireamh mar phunt; agus

(c) tá leis an abairt "an dliteanas bliantúil íosta" an bhrí a shanntar di le halt 43 (2) den Acht arna leasú le halt 2 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú,1950 (Uimh. 33 de 1950).

ARNA THABHAIRT faoi mo Sheála Oifigiúil an 21 lá seo de Nollaig, 1990.

MÁIRE UÍ RUAIRC,

Aire Oideachais.

Ceadaíonn an tAire Airgeadais leis seo na Rialacháin sin roimhe seo.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Airgeadais an 21 lá

seo de Nollaig,1990.

AILBHE MAC RAGHNAILL,

Aire Airgeadais.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

Rialaíonn na rialacháin seo íoc deontas breise agus deontas forlíontach agus deontas speisialta le Coistí Gairmoideachais sa bhliain airgeadais dar tosach an 1 Eanaír, 1990.