|
|
I.R. Uimh. 358/1989:
AN tORDÚ STAIDRIMH (MÓRÁIREAMH AR THÁIRGEADH), 1989.
|
|
|
AN tORDÚ STAIDRIMH (MÓRÁIREAMH AR THÁIRGEADH), 1989.
|
|
|
De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) agus leis an Ordú µm na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh 142 de 1949), ordaímse, Cathal S. Ó hEochaidh, Taoiseach, leis seo mar a leanas:
|
|
|
1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1989, is teideal don Ordú seo.
|
|
|
2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.
|
|
|
3. Baineann an tOrdú seo le gach gnóthas de na gnóthais seo a leanas, is é sin le rá, na tionscail, na ceirdeanna agus na gnóthaí a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.
|
|
|
4. Baileofar staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo) sa bhliain 1990, maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo.
|
|
|
5. Is iad na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú na foirmeacha a thaispeántar i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis seo, agus tá sraith díobh sin atá séalaithe le Séala Oifigiúil an Taoisigh taiscthe i Roinn an Taoisigh.
|
|
|
6. Is é an duine a sheolann an gnóthas, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas uaidh, chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
AN SCEIDEAL
|
|
|
CUID I
|
|
|
TIONSCAIL, CEIRDEANNA AGUS GNÓTHAÍ
|
|
|
Fuinneamh agus uisce:
|
|
|
Baint ghuail agus mhóna, astarraingt ola agus:, gáis nádúrtha (lena n-áirítear ullmhú láithreán) mar aon le sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis an gcéanna, ola mhianrúil a mhín-ghlanadh agus fuinneamh leictreach a ghiniúint, a tharchur agus a dháileadh, déanamh gáis in oibreacha gáis, soláthar agus dáileadh uisce.
|
|
|
Mianraí nach dtáirgeann fuinneamh:
|
|
|
Mianraí nach dtáirgeann fuinneamh agus táirgí díobh a astarraingt agus a phróiseáil agus sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis na gcéanna (lena n-áirítear ullmhú láithreán).
|
|
|
Tionscail déantúsaíochta:
|
|
|
Substaintí, idir orgánach agus neamhorgánach, a chlaochló go meicniúil nó go ceimiciúil ina dtáirgí nua, mar aon leis an obair dheisiúcháin atá gaolmhar leis sin agus cóimeáil comhpháirteanna de tháirgí déantúsaíochta.
|
|
|
CUID II
|
|
|
Is leis an mbliain 1989 a bhaineann an méid atá sa Chuid seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).
|
|
|
EOLAS, TUAIRISCEÁIN AGUS SONRÁÍ
|
|
|
Caibidil I
|
|
|
Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistiochta, 1926, ar cheann amháin nó níos mó de na foirmeacha a shonraítear i gCuid III (A) den Sceideal seo.
|
|
|
Uimh. 1 — Tuairisc ur an ngnóthas lena mbaineann an tuairisceán:
|
|
|
( a ) Tuairisc ar na gníomhaíochtaí a sheoltar.
|
|
|
( b ) (i) Suíomh na húinéireachta; (ii) an bhliain ar thosaigh an táirgeadh; (iii) stádas an bhunachais i.e. áitreabh aonair nó ceannáras nó áitreabh brainse; (iv) más áitreabh brainse: ainm agus seoladh an cheannárais.
|
|
|
( c ) An bhliain chuntasaíochta lena mbaineann an tuairisceán.
|
|
|
( d ) Suíomh an rialaithe margaíochta.
|
|
|
Uimh. 2 — Athruithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta i rith na bliana:
|
|
|
( a ) Méaduithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas
|
|
|
(i) Costas gléasra, innealra, trealaimh agus feithiclí.
|
|
|
(ii) Costas na bhfoirgneamh (lena n-áirítear méaduithe agus athruithe substaintiúla) agus gach uile obair thógála eile.
|
|
|
(iii) Costas na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).
|
|
|
( b ) Laghduithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
|
|
|
(i) Toradh díolachán gléasra, innealra, trealaimh agus feithiclí.
|
|
|
(ii) Toradh díolachán foirgneamh.
|
|
|
(iii) Toradh díolachán na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).
|
|
|
Uimh. 3 — Táirgí a monaraíodh agus obair a rinneadh:
|
|
|
( a ) Cainníocht agus luach gach ceann faoi leith de na príomhtháirgí arna chur síos ar leithligh. Sonraí ar na táirgí eile go léir agus luach iomlán na dtáirgí sin le chéile.
|
|
|
( b ) Luach na hoibre go léir a rinne fostaithe an bhunachais, lena n-áirítear na suimeanna a fuarthas as an obair a rinneadh ar ábhair a sholáthraigh daoine eile agus na suimeanna a fuarthas as deisiúcháin a rinneadh do dhaoine eile.
|
|
|
( c ) An céatadán den táirgeadh a onnmhairíodh.
|
|
|
Uimh. 4 — Ábhair agus comhábhair a úsáideadh:
|
|
|
( a ) Sonraí na n-ábhar agus na gcomhpháirteanna a úsáideadh ag táirgeadh nó ag monarú na dtáirgí i rith na bliana agus ag déanamh na hoibre, a n-iarrtar sonraí ina eith in Uimh. 3 den Chaibidil seo.
|
|
|
( b ) An céatadán de na hábhair a úsáideadh a táirgeadh in Éirinn.
|
|
|
Uimh. 5 — Stoic agus obair ar siúl:
|
|
|
Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair agus breosla, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an bunachas agus a bhi ullamh chun a ndíola, agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiseála.
|
|
|
Uimh. 6 — Costas earraí agus seirbhísí coimhdeacha:
|
|
|
Costas coimeádán agus ábhair phacála eile a díoladh leis na hearraí; costas na n-ábhar a ceannaíodh le deisiú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar ghléasra ag fostaithe an bhunachais; suimeanna a íocadh le gnólachtaí eile as deisiú agus cothabháil gléasra, innealra, feithiclí agus foirgneamh; suimeanna a íocadh as obair chonartha a rinne daoine eile ar ábhair a chuir an bunachas ar fáil i ndáil leis na táirgí a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 3 den Chaibidil seo.
|
|
|
Uimh. 7 — Breosla, leictreachas, etc., a úsáideadh:
|
|
|
Ní foláir sonraí a thabhairt i dtaobh costas sna hoibreacha gach ceann de na saghsanna éagsúla breosla, olaí agus leictreachais, etc., a úsáideadh i rith na bliana.
|
|
|
Uimh. 8 — Fostaíocht agus olltuilleamh:
|
|
|
( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag oba r nó as láthair go sealadach i rith na seachtaine pá dár chríoch 16 Meán Fómhair, 1989 nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú na n-aicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfear agus na mban ar leithligh:
|
|
|
(i) Dílseánaigh agus baill den teaghlach atá ag obair sa ghnó agus nach n-íoctar pá nó tuarastal seasta leo.
|
|
|
(ii) Foireann bainistíochta, teicniúil agus foireann eile ar tuarastal.
|
|
|
(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige.
|
|
|
(iv) Foireann mhaoirseachta lámhoibre.
|
|
|
(v) Oibrithe láimhe, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh.
|
|
|
(vi) Printísigh.
|
|
|
(vii) Tascoibrithe lasmuigh.
|
|
|
( b ) Méid iomlán an olltuillimh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite i bhfomhíreanna (ii) go (vii) de mhír (a).
|
|
|
Caibidil II
|
|
|
Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (B) den Sceideal seo. Caithfear na sonraí atá sonraithe in Uimhir 1 go hUimhir 10, den Chaibidil seo a sholáthar i leith gach fiontar tionscail ina raibh fiche duine nó níos mó fostaithe i rith na seachtaine dár chríoch 16 Meán Fómhair, 1989.
|
|
|
Uimh. 1 — Sonraí an Fhiontair:
|
|
|
( a ) (i) Ainm dlíthiúil an fhiontair; (ii) ainm trádála (murab ionann); (iii) foirm dhlíthiúil (i.e. cuideachta theoranta, comhpháirtíocht, etc.); (iv) suíomh na húinéireachta; (v) suíomh an rialaithe margaíochta; (vi) an bhliain a ndeachaigh an fiontar i mbun gnó in Eirinn.
|
|
|
( b ) An bhliain chuntasaíochta lena mbaineann an tuairisceán.
|
|
|
( c ) Seoladh gach bunachais san fhiontar agus cuntas ar an sórt gníomhaíochta a bhíonn ar siúl ann.
|
|
|
( d ) Ainm agus seoladh gach fochuideachta de chuid an fhiontair.
|
|
|
Uimh. 2— Athruithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta i rith na bliana:
|
|
|
Méaduithe agus laghduithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
|
|
|
( a ) Feithiclí paisinéirí.
|
|
|
( b ) Na feithiclí eile uile.
|
|
|
( c ) Gléasra, innealra agus trealamh—
|
|
|
(i) a rinne an fiontar lena n-úsáid aige féin,
|
|
|
(ii) a fuarthas ó fhiontair eile.
|
|
|
( d ) Obair fhoirgníochta agus thógála—
|
|
|
(i) a rinne an fiontar,
|
|
|
(ii) a rinne conraitheoirí.
|
|
|
( e ) Foirgnimh chríochnaithe.
|
|
|
( f ) Talamh (nár tógadh air).
|
|
|
( g ) Na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir.
|
|
|
Uimh. 3 — Stoic agus obair ar siúl:
|
|
|
Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana (a) stoic d'ábhair agus breoslaí, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an fiontar agus a bhí ullamh chun a ndíola agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiseála.
|
|
|
Uimh. 4 — Láimhdeachas:
|
|
|
An méid a sonrascadh (i) do gach custaiméir agus (ii) do chustaiméirí onnmhairthe maidir le:
|
|
|
( a ) Earraí a tháirg an fiontar.
|
|
|
( b ) Seirbhísí tionscail a chuir an fionta ar fáil.
|
|
|
( c ) Earraí a athdhíoladh gan tuilleadh próiseála.
|
|
|
( d ) Míreanna eile láimhdeachais
|
|
|
Uimh. 5 — Earraí agus seirbhísí a ceannaíodh agus an céatadán a allmhairíodh:
|
|
|
( a ) Ábhair.
|
|
|
( b ) Breoslaí.
|
|
|
( c ) Earraí lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.
|
|
|
( d ) Seirbhísí tionscail a chuir daoine eile ar fáil don fhiontar.
|
|
|
( e ) Seirbhísí eile agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
|
|
|
(i) Fruiliú agus léasú oibrioch gléasra, innealra, trealaimh agus feithiclí.
|
|
|
(ii) Cíosanna a íocadh ar áitribh.
|
|
|
(iii) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra, ar fheithiclí agus ar áitribh.
|
|
|
(iv) Muirir bhainc (gan ús a áireamh).
|
|
|
(v) Muirir theileafóin agus telex.
|
|
|
(vi) Muirir phostais.
|
|
|
(vii) Muirir lastais i ndáil le táirgí an fhiontair a iompar.
|
|
|
(viii) Gach seirbhís neamh-thionscail eile.
|
|
|
Uimh. 6 — Cáin bhreisluacha:
|
|
|
( a ) CBL a shonrasc an fiontar ar a láimhdeachas iomlán.
|
|
|
( b ) CBL inasbhainte nó inghnóthaithe a d'íoc an fiontar, nó is iníoctha aige, ar a cheannacháin (lena n-áirítear CBL a íocadh ar allmhairí ag an tráth taifeadta):
|
|
|
(i) d'Earraí agus seirbhísí.
|
|
|
(ii) de Shócmhainni caipitiúla.
|
|
|
Uimh. 7 — Cánacha indíreacha eile:
|
|
|
( a ) Dleacht máil (intíre) a íocadh nó is iníoctha ar earraí a tháirg an fiontar.
|
|
|
( b ) Muirir SCA.
|
|
|
( c ) Cánacha indíreacha eile a íocadh nó is iníoctha.
|
|
|
Uimh. 8 — Fóirdheontais oibríochta:
|
|
|
Méideanna a fuarthas as cistí Stáit nó ó Institiúidí de chuid na gComhphobal Eorpach mar fhóirdheontais oibríochta. agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
|
|
|
( a ) Fóirdheontais tomhaltóirí Stáit.
|
|
|
( b ) Fóirdheontais fhostaíochta Stáit.
|
|
|
( c ) Fóirdheontais CE:
|
|
|
(i) Fóirdheontais SCA.
|
|
|
(ii) Aisíocaíochtaí onnmhairithe.
|
|
|
(iii) Fóirdheontais eile CE.
|
|
|
( d ) Fóirdheontais eile Stáit.
|
|
|
Uimh. 9 — Fostaíocht agus olltuilleamh:
|
|
|
( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó as láthair go sealadach i rith na seachtaine pá dár chríoch 16 Meán Fómhair, 1989 nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú na n-aicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfear agus na mban ar leithligh:
|
|
|
(i) Dílseánaigh agus baill den teaghlach atá ag obair san fhiontar agus nach n-íoctar pá nó tuarastal seasta leo.
|
|
|
(ii) Foireann bainistíochta, teicniúil agus foireann eile ar tuarastal.
|
|
|
(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige.
|
|
|
(iv) Foireann mhaoirseachta lámhoibre.
|
|
|
(v) Oibrithe láimhe, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh.
|
|
|
(vi) Printísigh.
|
|
|
(vii) Tascoibrithe lasmuigh.
|
|
|
( b ) Méid iomlán an olltuillimh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaithe i bhfomhíreanna (ii) go (vii) de mhír (a).
|
|
|
Uimh. 10 — Costais saothair eile:
|
|
|
Méid na muirear nó na gcostas a d'íoc an fiontar i rith na bliana i leith na bhfostaithe uile mar gheall ar:
|
|
|
( a ) Ranníocaí fostóirí leis an scéim árachais shóisialaigh páchoibhneasa.
|
|
|
( b ) Íocaíochtaí iomarcaíochta.
|
|
|
( c ) Ranníocaí fostóirí le cistí aoisliúntas agus scéimeanna pinsin eile.
|
|
|
( d ) Íocaíochtaí pinsean nó sochar scoir seachas iad sin a íocadh as na cistí aoisliúntas.
|
|
|
( e ) Préimheanna árachais a íocadh thar ceann fostaithe le haghaidh tinnis nó gortaithe.
|
|
|
( f ) Íocaíochtaí forlíontacha le fostaithe i leith tinnis nó gortaithe.
|
|
|
( g ) Íocaíochtaí comhchineáil le fostaithe.
|
|
|
( h ) Costais shóisialta eile.
|
|
|
( i ) Costais oiliúna.
|
|
|
Caibidil III
|
|
|
Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (C) den Sceideal seo.
|
|
|
Uimh. 1 — Eolas Ginearálta:
|
|
|
( a ) Tuairisc ar an ngníomhaíocht gnó a bhíonn ar siúl ag an ngnóthas.
|
|
|
( b ) An bhliain ar thosaigh an táirgeadh.
|
|
|
( c ) Suíomh na húinéireachta.
|
|
|
( d ) An bhliain chuntasaíochta lena mbaineann an tuairisceán.
|
|
|
Uimh. 2 — Láimhdeachas, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
|
|
|
( a ) Díolachán earraí a mhonaraigh an gnóthas.
|
|
|
( b ) Sonraí eile láimhdeachais.
|
|
|
Uimh. 3 — Fostaíocht:
|
|
|
An líon daoine a bhí fostaithe ag an ngnóthas i rith na seachtaine dár chríoch an 16 Meán Fómhair, 1989.
|
|
|
Cuid III
|
|
|
(A) — Maidir ie gnóthais ar ga an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a fhorordaitear i gCuid II,
|
|
|
Caibidil I den Sceideal seo a thabhairt ina leith.
|
|
|
|
|
|
| Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail 1989 Foirm Uimhir B. |
Tionscal, ceird nó gnó
|
| 111 |
|
Baint guail
|
|
132
134
|
 |
Taisecéalaíocht agus astarraingt peitriliam agus gáis aiceanta
|
| 140 |
|
Mínghlanadh ola mianraí agus próiseáil díorthaigh pheitriliam
|
| 161 |
|
Giniúint agus dáileadh cumhacht leictreachais
|
| 162 |
|
Oibreacha gáis; dáileadh gáis
|
| 170 |
|
Soláthar uisce; uisce a bhailiú, a íonú agus a dháileadh
|
| 212 |
|
Baint agus ullmhú mianta miotail neamhfheiriúla
|
| 221 |
|
Tionscal iarainn agus cruach
|
| 222 |
|
Monarú tiúbanna cruach
|
| 223 |
|
Tarraingt, fuar-rollú agus fuar-fhilleadh cruach
|
| 224 |
|
Táirgeadh agus céadphróiseáil miotal neamhfheiriúil
|
| 231 |
|
Baint ábhar foirgníochta agus créanna teasfhulangacha
|
| 239 |
|
Baint mianraí eile; móin
|
| 241 |
|
Monarú cré-earraí le haghaidh foirgníochta
|
| 242 |
|
Monarú stroighne, aoil agus plástair
|
| 243 |
|
Monarú earraí coincréite, stroighne nó plástair ie haghaidh foirgníochta
|
| 244 |
|
Monarú earraí aispeiste
|
| 245 |
|
Obair chloiche agus obair ar tháirgí mianracha neamhmhiotalacha eile
|
| 246 |
|
Táirgeadh clocha meilte agus táirgí scríobacha eile
|
| 247 |
|
Monarú gloine agus earraí gloine
|
| 248 |
|
Monarú earraí criadóireachta
|
| 251A |
|
Monarú ceimicigh thionscail bhunata (gan leasacháin a áireamh)
|
| 251B |
|
Leasacháin
|
| 255 |
|
Monarú péinteanna, vearnaiseacha, dúch clóite etc.
|
| 256 |
|
Táirgí ceimiceacha, chun críocha tionscail agus talmhaíochta go formhór (gan leasacháin a áireamh)
|
| 257 |
|
Monarú táirgí cógaisíochta
|
| 258 |
|
Gallúnach, glantóirí tacair, cumhráin agus ullmhóidí maisiúcháin
|
| 259 |
|
Táirgí ceimiceacha eile le haghaidh úsaide tís agus oifige go formhór
|
| 260 |
|
Tionscal snáithín saorga
|
| 311 |
|
Teilgcheártaí
|
| 312 |
|
Gaibhníocht, brú agus stampáil mhiotal
|
| 313 |
|
Claochló tánaisteach, cóireáil agus cótáil mhiotal
|
| 314 |
|
Monarú táirgí miotail déanmhais (lena n-áirítear cóimeáil chomhghafa agus suiteáil)
|
| 315 |
|
Déantóireacht coirí, monarú taiscumar, tancanna agus coimeádán leatháin mhiotail eile
|
|
316
319
|
 |
Monarú airnéise agus earraí miotail críochnaithe agus táirgí eile ceardlainne miotail
|
| 321 |
|
Monarú innealra talmhaíochta agus tarracóirí
|
|
322
323
|
 |
Monarú agus cóimeáil—
(a) Meaisín-airnéise le miotail a oibriú agus meaisín-airnéise eile
(b) Innealra agus gabhálais teicstíleacha
|
| 324 |
|
Monarú innealra le haghaidh tionscal bia, tionscal ceimiceach agus tionscal gaolmhar
|
| 325 |
|
Gléasra agus innealra do mhianaigh, do theilgcheártaí, d'oibreacha cruach agus d'innealtóireacht shibhialta (lena n-áirítear crainn tógála) etc.
|
|
326
327
|
 |
Monarú agus cóimeáil trealamh traiseolta do chumhacht thiomána agus innealra agus trealamh do thionscail shonracha
|
| 328 |
|
Innealra agus trealamh ilghnéitheach
|
| 330 |
|
Monarú innealra oifige agus innealra próiseála sonraí
|
| 341 |
|
Sreanga agus cáblaí inslithe
|
| 342 |
|
Monarú innealra leictreachais (lena n-áirítear mótair leictreachais, gineadóirí, claochladáin, etc.)
|
| 343 |
|
Monarú gaireas agus fearas leictreachais le haghaidh úsáide tionscail (lena n-áirítear batairí agus cnuasaitheoirí)
|
| 344 |
|
Monarú trealamh teileachumarsáide, trealamh tomhais, trealamh taifeadta agus trealamh leictriliachta
|
| 345 |
|
Monarú trealamh raidió, teilifíse agus atáirgeadh agus taifeadadh fuaime
|
| 346 |
|
Monarú fearas leictreachais tís
|
|
347
348
|
 |
Monarú
(a) lampaí leictreachais agus trealamh soilsiúcháin leictreachais
(b) trealamh leictreachais a shuiteáil
|
| 351 |
|
Monarú agus cóimeáil mótarfheithiclí
|
|
352
353
|
 |
Monarú
(a) cabhlacha d'fheittliclí, leantóirí, carabháin, etc.
(b) páirteanna agus gabhálais do mhótarfheithiclí
|
| 361 |
|
Déanamh long
|
| 362 |
|
Monarú rothdhíle iarnróid
|
| 363 |
|
Monarú rothar, gluaisrothar, páirteanna agus gabhálas
|
| 364 |
|
Trealamh aeraspáis a mhonarú agus a dheisiú
|
| 371 |
|
Gléasanna agus gaireas tomhais seiceála agus cruinnis
|
| 372 |
|
Monarú trealamh liachta, máinliachta, etc
|
|
373
374
|
 |
Monarú
(a) trealamh optúil agus trealamh fótagrafaíochta
(b) uaireadóiri agus cloig agus codanna díobh
|
| 411 |
|
Margairín agus olaí agus méithris ullmhaithe eile
|
| 412 |
|
Marú, cóiriú agus leasú feola
|
| 413 |
|
Monarú táirgí déiríochta
|
| 414 |
|
Próiseáil agus leasú torthaí agus glasraí
|
| 415 |
|
Próiseáil agus leasú éisc
|
| 416 |
|
Muilleoireacht ghráin
|
|
417
418
|
 |
Monarú
(a) spaigití, macarón, etc.
(b) stáirse agus táirgí stáirse
|
| 419 |
|
Arán agus milseogra plúir (lena n-áirítear brioscaí)
|
| 420 |
|
Monarú agus mínghlanadh siúcra
|
| 421 |
|
Monarú milseogra cócó, seacláide agus siúcra
|
| 422 |
|
Beatha ainmhithe augs beatha éanlaithe clóis
|
| 423 |
|
Monarú táirgí beatha eile
|
| 424 |
|
Driogadh agus comhshuíomh biotáille
|
|
425
426
428
|
 |
Monarú fíona, ceirtlise agus deochanna glasa
|
| 427A |
|
Grúdaireacht
|
| 427B |
|
Brachadh
|
| 429 |
|
Monarú táirgí tobac
|
| 431 |
|
Tionscal olla
|
| 432 |
|
Tionscal cadáis
|
| 433 |
|
Snáithíní agus uigí sintéiseacha, síoda agus síodúla
|
| 434 |
|
Cóiriú, sníomh agus fíochán lín, cnáibe agus ramie
|
| 436 |
|
Tionscal cniotála
|
| 437 |
|
Críochnú teicstíleacha
|
| 438 |
|
Brait urláir, líonóil agus clúdaigh eile urláir
|
| 439 |
|
Iltionscail teicstíleacha
|
| 441 |
|
Súdaireacht agus cóiriú leathair
|
| 442 |
|
Monarú táirgí as leathar agus táirgí as bréagleathar
|
| 451 |
|
Monarú coisbhirt
|
| 453A |
|
Éadaí — cultacha fear agus buachaillí, cótaí móra, hataí agus caipiní, etc.
|
| 453B |
|
Éadaí — déanamh léinte
|
| 453C |
|
Éadaí — éadaí ban agus éadaí cailíní (seachas góiséireacht)
|
| 453D |
|
Éadaí — baill éadaí ilghnéitheacha agus gabhálais
|
| 455 |
|
Teicstíleacha tís agus earraí teicstíleacha comhdhéanta eile
|
| 456 |
|
Fionnaidh agus earraí fionnaidh
|
| 461 |
|
Sáibhéaracht agus próiseáil adhmaid
|
| 462 |
|
Monarú táirgí páirtchríochnaithe adhmaid
|
| 463 |
|
Monarú comhpháirteanna adhmadóireachta agus siúinéireachta
|
| 464 |
|
Coimeádáin adhmaid
|
| 465 |
|
Earraí monaraithe adhmaid eile
|
| 466 |
|
Earraí coirc, tuí, etc., scuaba agus scuaba urláir
|
| 467 |
|
Monarú troscáin adhmaid
|
| 471 |
|
Monarú laín, páipéir agus cláir
|
| 472 |
|
Próiseáil páipéir agus cláir
|
|
473
474
|
 |
Clódóireacht, foilsitheoireacht agus comhthrádálacha
|
|
481
482
|
 |
Táirgí rubair
|
| 483 |
|
Próiseáil pleaisticí
|
| 491 |
|
Seodra, earraí gabha óir agus gabha ghill
|
| 492 |
|
Gléasanna ceoil
|
| 493 |
|
Saotharlanna fótagrafaíochta agus cineamatagrafaíochta
|
| 494 |
|
Bréagáin agus earraí spóirt
|
| 495 |
|
Tionscail mhonaraíochta ilghnéitheacha
|
|
|
|
(B) — Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonrai a fhorordaítear i gCuid II, Caibidil II den Sceideal seo a thabhairt ina leith:
|
|
|
Foirm A — Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail, 1989,
|
|
|
(C) — Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a fhorordaítear i gCuid II, Caibidil III den Sceideal seo a thabhairt ina leith:
|
|
|
Foirm C — Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail, 1989.
|
|
|
ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an 15ú lá seo de Nollaig, 1989.
|
|
|
CATHAL S. Ó hEOCHAIDH,
|
|
|
Taoiseach.
|
|
|
NÓTA MÍNIÚCHÁIN.
|
|
|
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).
|
|
|
Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Tháirgeadh Tionscail don bhliain 1989, míniú a thabhairt ar réimse an Mhóráirimh agus a chur faoi deara tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh na ngnóthas go léir ar eisíodh na foirmeacha forordaithe ina leith.
|
|
|
|