|
|
I.R. Uimh. 363/1988:
NA RIALACHÁIN GHAIRMOIDEACHAIS (DEONTAIS I LEITH SCÉIMEANNA BLIANTÚLA COISTÍ) 1988.
|
|
|
NA RIALACHÁIN GHAIRMOIDEACHAIS (DEONTAIS I LEITH SCÉIMEANNA BLIANTÚLA COISTÍ) 1988.
|
|
|
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 53 den Acht Oideachtais Ghairme Beatha, 1930), agus le ceadú an Aire Airgeadais, déanaimse, Máire O'Ruairc Aire Oideachais, leis seo, na Rialacháin seo a leanas:—
|
|
|
1. Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1988, is teideal do na Rialacháin seo.
|
|
|
2. Sna Rialacháin seo:
|
|
|
ciallaíonn "an tAcht" an tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930, (Uimh. 29 de 1930);
|
|
|
ciallaíonn "an tAire" an tAire Oideachais;
|
|
|
ciallaíonn "coiste" coiste gairmoideachais;
|
|
|
ciallaíonn "listéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath" an limistéar gairmoideachais arb é contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath é;
|
|
|
ciallaíonn "limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire" an limistéar gairmoideachtais arb é buirg Dhún Laoghaire é.
|
|
|
3. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis na Rialacháin seo.
|
|
|
4. Má bhíonn sa bhliain airgeadais dar tosach an 1ú la1 d'Eanair, 1988, an ranníoc áitiúl bliantúil a íocfaidh údarás ráthúcháin le coiste níos mó d'aon suim (dá ngairtear "ab barrachas ranníoca" sna Rialacháin seo) ná dliteanas bliantúil íosta an údaráis rátúcháin sin i leith an choiste sin, féadfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais sin, deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Breise), a thabhairt don choiste sin, faoi alt 53 Acht, arb é a bheidh ann:—
|
|
|
(a) suim is comhionann le ceithre oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste de limistéar gairmoideachais buirge (seachas limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath) nó do limistéar gairmoideachais ceantair uirbigh (seachas limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire), nó
|
|
|
(b) suim is comhionann le dhá oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath nó do limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire, nó
|
|
|
(c) suim is comhionann leis an mbarrachas ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais contae.
|
|
|
5. I gcás na bliana airgeadais dar tosach an 1ú d'Eanáir, 1988, féadfaidh an tAire, i dteannta an Deontais Bhreise, na deontais seo a leanas a thabhairt faoi alt 53 den Acht"—
|
|
|
(1) do Choiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí suim nach mó ná £4,110,956.
|
|
|
(2) do Choiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath suim nach mó ná £17,313,081.
|
|
|
(3) do Choiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh suim nach mó ná £2,684,505.
|
|
|
(4) do Choiste Gairmoideachais Chathair Phort Láirge suim nach mó ná £1,697,320.
|
|
|
(5) do Choiste Gairmoideachtais Bhaile Bhré suim nach mó ná £981,114.
|
|
|
(6) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Dhroichead Átha suim nach mó ná £1,625,043.
|
|
|
(7) do Choiste Gairmoideachais Bhuirg Dhún Laoghaire suim nach mó ná £2,227,481.
|
|
|
(8) do Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe suim nach mó ná £1,810,759.
|
|
|
(9) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Shligigh suim nach mó ná £497,894.
|
|
|
(10) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Thrá Lí suim nach mó ná £1,131,100.
|
|
|
(11) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Loch Garman suim nach mó ná £903,269.
|
|
|
(12) do Choiste Gairmoideachais Chontae Cheartharlach suim nach mó ná £1,905,785.
|
|
|
(13) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chabháin suim nach mó ná £2,198,664.
|
|
|
(14) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chláir suim nach mó ná £3,784,187.
|
|
|
(15) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí suim nach mó ná £9,694,815.
|
|
|
(16) do Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall suim nach mó ná £5,404,442.
|
|
|
(17) do Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath suim nach mó ná £9,979,255.
|
|
|
(18) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe suim nach mó ná £5,324,316.
|
|
|
(19) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chiarraí suim nach mó ná £4,331,991.
|
|
|
(20) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara suim nach mó ná £4,365,350.
|
|
|
(21) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill chainnigh suim nach mó ná £3,400,515.
|
|
|
(22) do Choiste Gairmoideachais Chontae Laoise suim nach mó ná £2,069,931.
|
|
|
(23) do Choiste Gairmoideachais Chontae Liatroma suim nach mó ná £1,964,937.
|
|
|
(24) do Choiste Gairmoideachais Chontae Luimnigh suim nach mó ná £2,951,189.
|
|
|
(25) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Longfoirt suim nach mó ná £1,889,451.
|
|
|
(26) do Choiste Gairmoideachais Chontae Lú suim nach mó ná £2,042,932.
|
|
|
(27) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhaigh Eo suim nach mó ná £4,938,330.
|
|
|
(28) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Mí suim nach mó ná £4,216,215.
|
|
|
(29) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhuineacháin suim nach mó ná £2,683,925.
|
|
|
(30) do Choiste Gairmoideachais Chontae Uíbh Fhailí suim nach mó ná £3,317,821.
|
|
|
(31) do Choiste Gairmoideachais Chontae Ros Comáin suim nach mó na £2,052,045.
|
|
|
(32) do Choiste Gairmoideachais Chontae Shligigh suim nach mó ná £1,667,346.
|
|
|
(33) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid Árann (An Trian Thuaidh) suim nach mó ná £3,242,003.
|
|
|
(34) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid Árann (An Trian Theas) suim nach mó ná £3,234,532.
|
|
|
(35) do Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge suim nach mó ná £983,120.
|
|
|
(36) do Choiste Gairmoideachais Chontae na hIarmhí suim nach mó ná £2,665,087.
|
|
|
(37) do Choiste Gairmoideachais Chontae Loch Gorman suim nach mó ná £3,673,734.
|
|
|
(38) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Mhantáin suim nach mó ná £3,156,579.
|
|
|
dá ngairfear agus ar a dtabharfar i ngach cás Deontas Speisialta.
|
|
|
6. Chun críche aon ríomh a bheidh á dhéanamh de réir na Rialachán seo:—
|
|
|
(a) ní thabharfar aird a fhorálacha reachtúla speisialta i dtaobh measúnú éagsúil a dhéanamh ar shaghsanna áirithe maoine nó ar chodanna ar leith de limistéar údaráis rátúcháin;
|
|
|
(b) ní gá aird a thabhairt ar aon chodán de phunt is comhionann le caoga pingin nua nó is lú ná sin agus féadfar gach codán eile den sórt sina áireamh mar phunt; agus
|
|
|
(c) tá leis an abairt "an dliteanas bliantúil íosta" an bhrí a shanntar di le halt 43(2) den Acht arna leasú le halt 2 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú, 1950 (Uimh. 33 de 1950).
|
|
|
ARNA THABHAIRT faoi mo Sheala Oifigiuil an 22 lá seo de Nollaig, 1988.
|
|
|
MÁIRE Ó RUAIRC,
|
|
|
Ceadaíonn an tAire Airgeadais leis seo na Rialacháin sin roimhe seo.
|
|
|
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Airgeadais an
|
|
|
22 lá seo de Nollaig, 1988.
|
|
|
ALBERT Mac RAGHNALL,
|
|
|
NÓTA MÍNIÚCHÁIN.
|
|
|
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.)
|
|
|
Rialaíonn na rialacháin seo íoc deontas breise agus deontas forlíontach agus deontas speisialta le Coistí Gairmoideachais sa bhliain airgeadais dar tosach an 1 Eanáir, 1988.
|
|
|
|