I.R. Uimh. 318/1987 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1987.


De bhun gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú) 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949) ordaímse, CATHAL S. Ó hEOCHAIDH, Taoiseach, leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1987, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le gnóthais atá ag gabháil d'obair fhoirgníochta agus thógála agus do cheirdeanna gaolmhara lena n-áirítear mórbhealaí, séaracht, draenáil agus oibreacha eile den chineál céanna.

4. Baileofar staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo), sa bhliain 1987 maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is iad na foirmeacha a thaispeántar i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo na Foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú, agus tá sraith díobh sin, séalaithe le Séala Oifigiúil an Taoisigh, taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6. Is é an duine ag sheolann an gnóthas, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi ait 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

Is leis an mbliain 1986 a bhaineann an méid sa Chuid seo (ach amháin mar a n-éilionn an comhthéacs a mhalairt).

(A) Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal seo ag uimhir thagartaha 1. Caithfear na sonraí atá sonraithe in Uimh. 1 go hUimh. 10, go huile den Chuid seo a sholáthar i leith gach fiontair ian raibh fiche duine nó niós mó fostaithe i rithe na seachtaine dár chríoch 20 Meán Fómhair, 1986.

Uimh, 1 — Sonraí an Fhiontair.

( a ) Tuairisc ar an bpríomh-chineál oibre a bhíonn ar siúl ag an bhfiontar.

( b ) (i) Ainm dlíthiúil an fhiontair, agus (ii) ainm trádála (murab ionann).

( c ) An bhliain chuntasaíochta lena mbaineann an tuairisceán

Uimh. 2 —Athruithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana.

Méaduithe agus laghduithe ar na sócmhainní caipitiúla dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Gléasra, innealra agus trealamh (gan feithiclí a áireamh) a suiteáladh.

( b ) Feithiclí.

( c ) Obair fhoirgníochta agus thógála a rinne fostaithe an fhiontair.

( d ) Foirgnimh chríochnaithe.

( e ) Talamh (nár tógadh air).

( f ) Na sócmhainní caipitiúla dochta go léir eile.

Uimh. 3 — Stoic agus Obair ar Siúl.

Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Stoic d'ábhair, comhpháirteanna agus breoslaí.

( b ) Obair ar siúl.

( c ) Stoic d'earraí críochnaithe a rinne an fiontar agus a bhí ullamh chun a ndíola.

( d ) Stoic d'earrai a creannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

Uimh 4 — Láimhdeachas.

Láimhdeachas iomlán an fhiontair i gcaitheamh na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Obair a rinnneadh mar phríomh-chonraitheoir (lena n-áirítear obair a rinne fochonraitheoirí don fhiontar) agus idirdhealú a dhéanamh idir obair fhoirgníochta agus obair thógála eile.

( b ) Obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

( c ) Earraí a tháirg an fiontar agus (i) a díoladh i rith na bliana nó (ii) a cuireadh le stoic i ndeireadh na bliana.

( d ) Earraí a athdhíoladh gan tuilleadh próiseála.

( e ) Gach mír eile láimhdeachais.

Uimh. 5 — Ceannach Ábhar, Breoslaí agus Leictreachais.

Sonraí i dtaobh chostas na n-ábhar eile, na mbreoslaí agus an leictreachais a ceannaíodh.

Uimh. 6 — Íocaíochtaí le Fochonraitheoirí i gcaitheamh na bliana.

Íocaíochtaí ar obair a rinneadh don fhionrar ag gnólachtaí eile ar chonarthaí a fogileadh chucu i ndáil leis an obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Uimh. 4 thuas, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Íocaíochtaí ar obair a rinne daoine a bhí ag obair de réir fhochonartha saothair amháin; agus

( b ) Íocaíochtaí ar obair a rinne gach fochonraitheoir eile.

Uimh. 7 — Earraí Eile agus Seirbhísí ceannaíodh.

Earraí eile agus seirbhísí a ceannaíodh agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Seirbhísí tionsclaíocha a soláthraíodh don fhiontar ag daoine eile.

( b ) Earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

( c ) Gléasra,innealra, scafall, trealamh agus feithiclí a fhruiliú agus a léasú.

( d ) Cíosanna a íocadh ar áitribh.

( e ) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra, ar fheithiclí agus ar áitribh.

( f ) Muirir bhainc (gan muirir úis a áireamh).

( g ) Na hearraí agus na seirbhísí neamhthionsclaíocha go léir eile (gan díluacháil agus drochfhiacha a áireamh).

Uimh. 8 — Cánacha Indíreacha.

( a ) Cáin bhreisluacha:

(i) CBL ar láimhdeachas iomlán an fhiontair.

(ii) CBL inasbhainte nó inghnóthaithe a d'íoc an fiontar, nó is iníoctha aige, ar a cheannacháin (lena n-áirítear CBL a íocadh ar allmhairí agus an tráth taifeadta):

—d'Earraí agus Seirbhísí

—de Shócmhainní caipitiúla.

( b ) Cánacha indíreacha eile:

(i) Dleacht máil (intíre) a íocadh nó is iníoctha.

(ii) Cánacha indíreacha eile a íocadh nó is iníoctha.

Uimh. 9 — Fostaíocht agus Olltuilleamh.

( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó as láthair go sealadach i rith na seachtaine pá dár chríoch 20 Meán Fómhair, 1986 nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, agus idirdhealú a dhéanamh idir na haicmí seo a leanas:

(i) Dílseánaigh agus baill den teaghlach ag obair san fhiontar agus nach n-íoctar pá nó tuarastal seasta seo.

(ii) Foireann bhainistíochta agus theicniúil agus foireanna eile ar tuarastal (lena n-áirítear stiúrthóirí oibre).

(iii) Foireann chléireachais agus foireann eile oifige:

—Mná

—Fir

(iv) Bunfhoireann mhaoirseachta (lena n-áirítear saoistí agus maoir).

(v) Oibrithe oilte.

(vi) Printísigh.

(vii) Oibrithe neamhaoilte nó breacoilte:

—ar rátaí pá aosach

—ar rátaí pá ógánach.

(viii) Daoine a bhí ag obair de réir fochonartha "saothar amhán".

( b ) Méid iomlán an olltuillimh a íocadh i rith na bliana. agus idirdhealù a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(i) Fosiaithe bainistíochta agus cléireachais; agus

(ii) Foireann mhaoirseachta agus oibrithe.

Uimh. 10 — Costais saothair eile.

Méid na muirear nó na gcostas a d'íoc an fiontar i rith na bliana i leith na bhfostaithe uile mar gheall ar:

( a ) Ranníocaí fostóirí leis an scéim árachais shóisialaigh pháchoibhneasa.

( b ) Iocaíochtaí iomarcaíochta.

( c ) Costail oiliúna.

( d ) Ranníocaí fostóirí le cistí aoiliúntas agus scéimeanna pinsin eile.

( e ) Préimheanna árachais a íocadh thar ceann fostaithe le haghaidh tinnis nó gortaithe.

( f ) Iocaíochtaí comhchineáil ie fostaithe agus costais shóisialta eile.

(B) Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Act Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal seo ag uimhir thagartha 2.

Uimh. 1 — Eolas Ginearálta.

( a ) Tuairisc ar an bpríomh-chineál oibre a bhíonn ar siúl ag an bhfiontar.

( b ) (i) Ainm dlíthiúil an fhiontair, agus (ii) ainm trádála (murab ionann).

( c ) An bliain chuntasaíochta lena mbaineann an tuairisceán.

Uimh. 2 — Láimhdeachas.

( a ) Láimhdeachas iomlán an fhiontair as obair a rinneadh mar phríomh-chonraitheoir i gcaitheamh na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(i) Tógáil nua, atógáil, suiteáil agus feabhsú teaghaisí.

(ii) Gach obair thógála nua eile (lena n-áirítear feabhsúcháin agus atógáil).

(iii) Obair dheisithe agus chothabhála.

( b ) Láimhdeachas iomlán as obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

Uimh. 3 — Íocaíochtaí le fochaonraitheoirí.

Íocaíochtaí a rinneadh le fochonraitheoirí agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Íocaíochtaí ar obair a rinne daoine a bhí ag obair de réir fochonraitheoirí saothair amháin.

( b ) Íocaíochtaí ar obair a rinne gach fochonraitheor eile.

Uimh. 4 — Costais iomlána na n-ábhar, na mbreoslaí agus an leictreachais a ceannaíodh.

Uimh. 5 — Olltuilleamh.

Méid iomlán an olltuillimh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite ag Uimh. 6 thíos.

Uimh. 6 — Fostaíocht.

An méid daoine a bhí iarbhír ag obair nó as láthair go sealadach i rith na seachtaine pá dár chríoch 20 Meán Fómhair 1986, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Dílseánaigh agus baill den teaghlach ag obair san fhiontar.

( b ) Fostaithe bainistíochta, teicniúla agus cléireachais.

( c ) Daoine ag obair de réir fochonartha saothair amháin (mar aon lena gcuiditheoirí).

( d ) Gach fostaí eile (i.e. saoistí, oibrithe agus printísigh).

CUID II

Foirmeacha atá le húsáid ag bailiú an Staidrimh

Uimh.

Thag.

Foirm

Uimh.

Do ghnóthais a n-éilítear an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí, a fhorordaítear sa chuid thíosluaithe den Sceideal seo, ina dtaobh:—

1.

C.B.C.86 c

Cuid I (A)

2.

C.B.C.86 b

Cuid I (B)

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an 10ú lá seo de Nollaig,

1987.

CATHAL S. Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil don bhliain 1986, míniú a thabhairt ar réimse an Mhóráirimh agus a cheagal tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh na ngnóthas uile ar eisíodh na foirmeacha forordaithe ina leith.