An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1987

Leasú ar alt 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979.

2.—Leasaítear leis seo alt 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, trí “£60,000,000” a chur in ionad “£50,000,000” i bhfo-alt (4) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÃ?BLA

(4) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a bheidh airleactha faoin alt seo agus a bheidh gan aisíoc thar £60,000,000 aon tráth áirithe.